Seachrán Charn tSiail – Corn Uí Riada 2009

Seachrán Charn tSiail

Ar mo tharraingt siar go Carn tSiail dom,
Go haonach bliantúil na Féil’ Muire Mór
Tharla an ainnir as an taobh aniar domh
Is í go cianmhar ‘gabháil tharam sa ród.
Dar liom fhéin, ó, gur scar mo chiall uaim
Mar bheinn ag siabhrán nó seal ag ól,
Chonacthas domhsa gur dorcha an ghrian gheal
Le taobh gach dealramh ina ciallmhar óir.

Bheannaíos féin go preab don mhaighdean
Agus feasbhaidh céille ní raibh in mo ghlór,
D’fhiafair mé féin dí ‘raibh aon fhear in Éirinn
A ghlacfadh sí roghain orm ins an ród.
D’fhiafair sí domhsa cá raibh mo léine,
Mo bhuig, mo bhéabhar, ‘s gan fiú mo bhróg,
Go mb’annamh a chonaic sise sac mar éideadh
Ar fhear ag bréagadh na gcailín óg.

Níl siúd áit ó íochtar Fhánaid
Nach bhfuil mé i ngrá le bean nó dhó,
Bean sna Rosa thiar i Mín na Mánrach,
Ó thaobh Ghleann Átha ‘go dtí ‘n Mhucais Mhór,
Dís i mBaíollach, dís i mBáineach,
Bean in Árainn ‘s a chois Ghaoth Dobhair,
Ó Leitir Ceanainn go mullach a Ghágáin
‘S go Curraoin Mhánuis a chois an róid.

A chúileann fáinneach, má thug mé grá duit
Ná cuir i gcás mé fá bheith gan dóigh,
Agus gheobhair tú aoibhneas ar hallaí bána,
Fíon na Spáinne gheobhair seal le hól.
D’fhiafir sí domhsa an mar siúd ba ghnách liom
Bheith ag siúl na n-ardán ar bheagán stró.
Is é dúirt mé léithi nár chleacht mé ‘athrach,
Ach cailín álainn agus gloine ar bord.

Bhí mé ar an Mhuine Mhór, ‘s i gCaisleán Cába
I mBaile Uí Dhálaigh is i Lios na Scéith
Bhí mé i Muineachán is ar an Ghráinsigh
‘i nDroichead Chúil Áine le corradh is bliain
‘Réir a tharlaigh i nDroichead Áth’ mé
Anocht atá mé faoi Charn tSiail
‘S anois má roghain leat ar fhearaibh Fáil mé
Seo mo láimh duit is bíom ag triall.