Bríd Thomáis Mhurchadha – Amhráin in Ansa Liom

Bríd Thomáis Mhurchadha

Is a Bhideach na gcarad tuig feasta nach súgradh é,
Ó thug mo chroí gean duit ar a mhalairt ná diúltaigh mé,
Do chúilín deas triopallach a bhí fite ina thrilseán óir,
Is an té a bheadh gan amharc nach a dtabharfá soilse dhó.

Is a Bhríd Thomáis Mhurchadha ó beirimse an barr leat fhéin
Ar fhinne, ar bhinne, ar dheise ‘gus áille méin
Do chúilín deas triopallach a bhí fite ina thrilseán óir
Is an té a bheadh gan amharc nach dtabharfá soilse dhó.

Is rachad go Gaillimh nó go gceannaí mé gáirdín úll,
Agus loingeas ar farraige le haghaidh ‘ bheith ag déanamh spóirt.
Is ar fhilliúint ó Shligeach dom agus leide beag a fháil den chóir,
‘S ní chónód faoi bhealach nó go mblaisfinn de phóg mo stór.

‘S má bhí mise folamh, dar m’fhocal gur mhór an scéal,
Is a liachtaí bean deas a thug taitneamh do ghlór mo bhéil.
Is dhá mbeadh sé ag cur sheaca, a’ cur shneachta as chuile cheard den spéir,
Ach tusa ‘ bheith i m’aice, is ní aireoinnse buaireamh an tsaoil.

’S a aonmhac Muire a chuir an cuileann thríd an bhféar a’ fás,
Is nach mise an trua Mhuire is mé ag cailliúint na ngéag le grá
Ach má bhíonn sé inár gcinniúint nach féidir linn a chéile a fháil,
Bíodh tusa in do choinneal is beidh mise i m’fhéileacán.