Bádóirín Thír an Fhia – Corn Uí Riada 2024

Bádóirín Thír an Fhia

Tá pian i mbéal mo chléibh orm a chuirfeadh na céadta fear ’un báis,
Is dóigh a stór go gceapann tú nuair is saighead í searc an ghrá,
Nach trua mé anois ag scaradh leat le linn na huaire breá,
Le linn don chuach le bheith ag seinm is gach duilliúr glas ag fás.

Is é mo léan nár éag mé is mé go hóg i dtús mo shaoil,
Go ndéanfaí cónra gheal dhom is mé a chuir go domhain sa gcill,
Sul a bhfaca mé dhá bhréagadh é, ag bean eile le mo thaobh,
Is mise a bheith i m’aonar, is a Dhia ghléigil, nárbh bhocht an tslí.

Is thug mé gean do tháilliúir, dar liomsa is é ba chóir,
Mo bhádóirín a ba mheasa ná bhfaca mé d’fhir fós
Ach anois ó tá sé imithe ‘s nach bhfillfidh sé go deo
Tá súil le Rí na nGrásta agam go gcasfar liom é fós

A bhfuil bean ar bith san áit seo a mbeadh mo chás-sa aici le mín’
A mbeadh a croí dhá réabadh is ceart mhaith aici faoi
Mo bhádóirín a d’imigh uaim ar uair a dó nó a trí
‘S gan é súil ar ais abhaile a’am leis chúns a mhairfeas mé beo

Agus comhairle dhaoibhse a chailíní má thógann sibh uaim é
Ná ligigí rún le aon fhear óg ná creidigí glór a mbéal
Mar geallfaidh siad sibh a phósadh le glórtha milis binn
Agus éalóidh siad thar sáile uaibh ar nós a bhádóirín Thír an Fhia