Neainsín Bhán – Sean Nós na mBan 2015

Téamaí

Neainsín Bhán

Is a Neainsín Bhán, cé’s ansa leat fear eile nó mé fhéin
Is a Neainsín a dtug mé fancy dhuit i dtosach ar mhná an tsaoil
Mar shíl mé go mba bhréacha thú ná bean ar bith sa saol
Smid chainte ná raibh i gceann an té nach molfadh leatsa mé.

Má théann tú chun an aonaigh tabhair an chaora leat is a’ t-uan
Má théann tú a’ déanamh tíobhais bíodh do mhian agat ar dtús
Óra bíodh sí maorga macánta is í molta as a cliú,
Ní barr maoine a thabharfadh ‘un tíobhais thú ach ná mealltar le straoill thú.

Ar theacht na Nollag nach olc í an obair ag síorchur ins an gcré
Mar a bheadh seabhcán ar bharr sceiche nó barr glas na sú craobh
Ach mo mhallacht go deo anois a thabharfainnse d’aon fhear beo sa saol
A thóigfeadh orm a bheith cogarnaíl le stóirín geal mo chléibh.

Dá mbeadh heels agus tops ar mo bhróga a’m, is cóir mhaith a bheith ar na boinn
Nach ngabhfainn-se chuile Dhomhnach leat san áit a mbíonn an spraoi
Mar ní thóigfeadh an t-aos óg orm gach cor dá gcuirfinn dhíom
Dá mbeadh mo stór ar cheann an stóil níorbh fhada liom an oíche.

Is a théagairín ní féidir dhuit gan duine eicínteacht a fháil,
A nífeadh do chuid éadaigh nó a d’fhuinfeadh do chuid aráin
Ach a phéarla atá breá gléigeal de chích, de chois is de láimh
Sé mo léan gan mé faoi shléibhte leat is cead éad ag feara Fáil.