Táimse ar an mBaile Seo – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

Táimse ar an mBaile Seo

Is táimse ar an mbaile seo le bliain agus trí lá
Is dá mbeadh a fhios aige mo mhuintir, ní chodlóidís go sámh.
Dochtúirí na Fraince ní leigheasfaidís mo ghearán.
Go dtiocfaidh péarla an chúil chraobhaigh.
Is go mbéarfaidh sí ar mo láimh.

Is Dé Domhnaigh, Dé Domhnaigh sea deineadh mise a chreachadh.
Go ceanglaíodh mo stóirín gan orlach dem’ chead.
Dá mbeinnse suite i gcúinne an tí is grá mo chroí le m’ais.
Ó is nach gleoite deas mar a sheolfaimis na dúthaigh i bhfad amach.

Is tá mo mhuintir de shíor á rá go gcaithfeadsa dul anonn.
Ach iarraimse ar Mhuire is ar Íosa nach bhfaighe siad bád ná long.
Dá mbeinnse amuigh ins an oíche faoi dhuilliúr glas na gcrann.
Ó is a Dhia dhílis nárbh aoibhinn dom is grá mo chroí a bheith ann.

Is dá mbeadh boiscín snaoise agam do dhéanfainn sult is greann.
Nó píopaín fhada dhíreach is tobac le cur ina ceann.
Neilí Bán ar leaba liom is piliúr faoina ceann
Is go n-éalódh lucht na mbuataisí lena cúilín ghrámhar donn.

‘Gus Neilí ó le m-anam tú ‘gus Neilí ó le mo chroí.
An dtiocfása liomsa go bun an ghleanntáin fraoigh
Do thabharfainn radharc ar chuanta dhuit is ar bhailte móra groí.
Is cead a bheith i gcóistí agat ar bhóthar leis an Rí.