Amhrán na Speile – Sean Nós na bhFear 2019

Amhrán na Speile

‘Gus bail ó Dhia orm fhéin is ar mo speal mar is sí atá géar
Agus ghearrfadh sí an féar atá sa ngáirdín,
An chíb amuigh ar an sliabh, san áit nár gearradh cheana ariamh
Agus a thriomódh an lá ina dhiaidh sin gan aon bháisteach.

Ghearrfadh sí na clocha glasa chomh réidh le barranna fata
Agus an choill atá go dlúth lena chéile,
‘Gus ní chreideoinn ón gcailleach feasa go bhfuil an rásúr pike ná claimhe
Ná saighid ag daoine maith le níos géire.

‘S uair a shuím-se síos ar foscadh agus tosaím dhá dhearcadh,
Nach dtugann sí dhom cúl gaoithe is aghaidh gréine,
Is nach gcluinfeá ceathrú míle í taobh thiar go Chruach na Caoile,
Nuair a dtugainn í thar muir ‘s thar sáile.

‘S nuair a d’ólfadh mo speal-sa tae, nach bheadh sí ag obair uaithi fhéin
I gcoirnéil, i moing sléibhe nó i lár páirce,
‘Gus chúns a bheadh sí ag gearradh, ní chuimhneodh a béal ar chasadh
Go n-imeodh an solas as an ngealach nó as na réalta.

Is dhá mbeinnse is mo speal-sa tréan agus back againn dúinn féin,
Nach ngabhfadh muid a chúnamh do na Spáinnigh,
Agus lagfadh muid na Státaí le gunnaí is claimhí láidir
Agus chuirfeadh muid an flít uilig á mbáthadh.

‘Gus seolfadh muid le cóir siar faoi dhéin an tiolrach mhóir
Nó go ngearrfadh muid an fheoil anuas dá chnámha,
Agus mharódh muid Val Ford agus na tíoránaigh atá mór ann.
‘Gus gan táille peile, a ghlacadh ón bprionsa nó ón mbanríon.

Ach ag filliúint dhomsa abhaile is mé théis mo phíosa gaisce,
Nach dtabharfainn m’aghaidh ar chuan Phort Láirge,
Agus is iomaí fear ‘s bean a thiocfadh ag fiafraí faoi mo speal
Agus a chroithfeadh liom barr na láimhe.

‘S nach dtabharfadh muid iad suas i bparlús i dteach mór
San áit a mbeadh chuile chineál ceol ann is pléaráca,
Ó, bheadh oíche a’ainn ann is ól agus chuile chineál ceoil ann
Dár casadh riamh ar bhugle ná ar chláirseach.

Ach scríobhfaidh mise leabhar agus coinneoidh mé mo mheabhair air,
A mbeidh history ar an domhan ann, lán mála,
Ach anois ó tá mé in aois is go bhfuil fios a’am ar an saol seo,
Ní maith liom an dlí atá dá chaitheamh leis na Spáinnigh.