Amhrán Rinn Mhaoile – Sean Nós na bhFear 2017

Amhrán Rinn Mhaoile

‘Gus scríobhfainn agus léifinn leabhra Ghaeilge cé gur milis é blas
‘Gus dhéanfainn céachta Gaelach a réabfadh an iomaire ghlas
Thógfainn teach téagair go mo chéad searc ‘gus mheallfainn í seal
‘Gus fear eile ar mo thréartha sé mo léan é nó d’éalódh leis bean.

Is nár fháigh mé bás choíchin nó go gcaithfidh mé dhíom an mí-ádh
Go mbeidh bó a’am ‘gus caoirigh ‘gus mo mhian ar an mbaile údan thall
Tá bean óg ins an tír seo bhíons ag tíocht eadrainn gach aon dara lá
‘S nár fháigh sí bás choíchín go mbeidh sí ag caoineadh ‘gus mise ag mo ghrá

‘S tá mé i mo shuí ó d’éirigh an ghaelach aréir
Ag cur tine seo síos go mo mhian is mé dhá fadú liom fhéin.
A Mhuire ‘s a Chríost nach cloíte le n-aithris mo scéal
Tá na coiligh ag glaoch ‘gus Rinn Mhaoile ina gcodladh ach mé.

Is tá siad dhá rá gur tú sáilín dheas socair na mbróg
‘Gus tá siad dhá rá gur tú béilín dheas mhilis na bpóg
Tá siad dhá rá a mhíle grá bán go dtug tú dhom cúl
Ach nár fhágha siad na grástaí má fhaigheann aon fhear eile uaim thú.

‘Gus gheobhaidh mé bás le grá do leagan do shúl
Is gheobhad mé dhá bhás le grá don dá chois atá fút
Gheobhaidh mé trí bhás má fhaigheann aon fhear eile uaim thú
Is a chúilín taitneamhach gan smál is sé mo chrá é má cheilimse thú.