An Chiomach – Sean Nós na bhFear 2022

Téamaí

An Chiomach

Is mo chéad slán don bhliain anuraidh ‘gus nár dheas mar bhí mé gléasta
Bhí mé in ann a ghoil chun cainte leat i mBéarla nó i nGaeilge.
Nó gur phós mise an chiomach mhallaithe a raibh cúpla bó ‘gus spré léi
Is í a d’fhág  fuar folamh mé ‘gus mo chraiceann geal gan léine.

Is tá scéilín beag le n-aithris agam ach tá náire orm é inseacht
An lá a raibh cúigear fear agam ‘s muid ag tarraing carnán aoileach
D’éalaigh sí ar maidin uaim mar ba chleachtadh léi a dhéanamh
An deamhan ná an diabhal a dtáinig sí go raibh na coiligh glaoite.

‘Gus d’éirigh mise ar maidin agus nigh mé m’éadan is mo lámha
D’fhiafraigh mé do chailín deas an dtiocfadh sé ar walk liom
Cheadaigh sise mammy ach níor bhac sí lena daddy
Ach faraor dóite deacrach nach sa talamh a chuaigh mé an lá úd.

Ó ‘s nuair a éiríonn mise ar maidin is nuair a théim go dtí mo láí
Ní bhíonn an tine fadaithe romham ná folach ar na páistí
Ach ní hé sin is measa liom cé gur mhór é mo dhólás
Ach mo leana bán ag screadach is an chiomach i dteach na comharsain.

Ó mo chomhairle dhíbhse a bhuachaillí an chuid agaibh nach bhfuil pósta
‘S ná fágaigí aon bhean mhaith ina ndiaidh mar gheall air í bheith gan bólach
Mar is fhearr dhaoibh bothán glanta dhaoibh le theacht isteach tráthnóna.
Ná lua bhuí na seachtaine á cuir amach Dé Domhnaigh.

‘Gus iarraimse ar Dhia ‘s Muire go mbeadh an lá amáireach ina ghála
Is nár sheola aon bhád ón gCaoláire ná trasna go Doire Fheartha
Mar a fuair mé gloine bhrandy ó bhean na gruaige báine
‘S  nár shíl mé go raibh mil inti nuair a chuaigh sí thríd na lámha.

Dá mbeadh ór buí agamsa agus airgead i mo phóicín
Nach ndéanfainn bóithrín aicearra go doras tí mo stóirín
Bhéinn ag ghuí  le Dia ‘gus Muire go gcloisfinn torann binn a bróigín
‘S go gcaillfinn codladh seachtaine  ‘s mé ag faire ar  a póigín.

Ó má dhiomú don phósadh ‘s nach mairg an té a níonns é
‘S nach éasca é  a dhéanamh ach deacair é a scaoileadh
Ach dá dtiocfadh sé de knack amach ar nós an bhó nó an chaora
An té nach dtaitneodh an bhean sa leaba leis í a sheoladh  chun an aonaigh.