Máire Ní Mhongáin – Corn Uí Riada 2022

Téamaí

Máire Ní Mhongáin

Bhí triúr mac agam a bhí oilte tóigthe,
Ná gur ghearr an lón dhom iad, céad faraor géar;
‘Gus d’fhág siad a máithrín bhocht ag silt na ndeora
Gach aon lá Domhnaigh is í ag gol ina dhiadh.

‘S ní raibh suim ar bith agam san mac ab óige,
Cé go mba ghearr mo lom dom é  Míchíl ;
Ach is é an mac ab sine acu  a chráigh go mór mé
‘S mí ní beo mé le cumha ina dhiaidh.

‘S a Pheadar muirneach a bhí oilte múinte
‘S a d’imigh ar chúntar a le bheith ní b’fhearr;
A bhí gnaoi na gcomharsan ort an fhad is bhí tú fúmsa,
nár mhaith an cúntóir thú amuigh le Seán.

‘Gus iarraim ar Mhuire go bhfaighidh sibh umhlaíocht
‘Gus pardún cumhachtach ó Rí na nGrást,
A thabharfas abhaile agam sibh ó slán gan chontúirt,
Mar is mór é mo chumha i ndiaidh a mhicín bháin.

‘S go dtug mé scoil díbh  ‘gus beagán foghlaim
‘S de réir mo chumhachtaí sibh a bheith níos fearr,
Ach is mór a ghoilleas mo ghalar dumhach oraibh
Nó fébí contae a bhfuil  sibh ann.

‘S dá mba i mBaile na Cille a bheadh a gcnámha
Ní bheinn chomh cráite ná a leath ina ndiaidh,
Ach sibh a bheith liostáilte san arm Gallda.
‘S gan fios a bpáighe  agam ná greim i mbéil

‘S a bhfuil trua in Éirinn is mó ná mé anois
I ndiaidh mo chéad mhic ‘s é a chráigh mo chroí
Bím ag guibhe Dé  agus ag iarraidh déirce air,
Ach  scéala ní fhuair mé ó mhuir nó ó thír.

Is nuair a sheasaimse amach ar na cnocáin arda
‘S a fheicim na báid ag goil dul thríd an bhfarraige aniar
Bíonn mo shúile leata agus ag súil go cráite
Go mbeadh mo mhaicín muirneach ar an teile thiar.

Is a mac gan chumann  é mo mhaicín muirneach
Nach dtagann ar cuairt agam ar oíche nó dhó
‘S tar éis mé a iompar gan scíth trí ráithe
‘Gus go rachadh mé i gcontúirt leis aon oíche amháin.

‘S nach mór a ghoileadh bean i ndiaidh páiste
Dá bhfaigheadh sé bás uirthi is é in aois a mhí
Is nach iomaí sin forránach breá lúfar láidir
Atá gaibhte thar sáile is nach bhfillfidh choichín

Is nuair a d’fheicinnse mná an bhaile ‘gus a gclann in éineacht
Nach scaipeann réasún agus meabhair mo chinn
Ach tá deireadh mo chuid sheanchais ‘s mo chomhrá déanta agam
Is ní labhróidh mé arís oraibh nó go bhfaighidh mé bás