Bríd Thomáis Mhurchadha – Amhráin is Ansa Liom 2

Bríd Thomáis Mhurchadha

‘Gus a Bhríd Thomáis Mhurchadha tuig feasta nach súgradh é,
Ó thug mo chroí gean duit ar a mhalairt ná diúltaigh mé,
Ó shíl tú mé a mhealladh le bladar deas ciúin do bhéil
Is go dtug mise gean dhuit seachas cailíní deasa an tsaoil.

‘Gus a Bhideach na gcarad ó molaimse an barr leat fhéin 
Ar ghile ar fhinne ar dheiseacht agus áille méin 
Do chúilín deas triopallach a bhí fite ina trisleáin óir 
Is an té a bheadh gan amharc go dtabharfadh sé soilse dhó.

‘Gus rachad go Gaillimh nó go gceannóidh mé gáirdín úll, 
Agus loingis ar farraige le haghaidh bheith ag déanamh spóirt. 
Ag filliúint ó Shligeach dhom ‘gus leide bheag a fháil don chóir, 
‘Gus dheamhan a gcónóinn faoi bhealach nó go mblaisfinn de phóg Bhideoig.

Má bhí mise folamh, is ar m’fhocal gur mhór a scéal, 
‘Gus a liachtaí bean deas a thug taitneamh do ghlór mo bhéil. 
Dhá mbeadh sé ag cur sheaca, a’ cur shneachta as chuile cheard den spéir, 
Ach tusa ’ bheith i m’aice, dheamhain an aireoinnse buaireamh an tsaoil.

’S a aonmhac Mhuire a chuir an cuileann thríd an b’fhéar a’ fás, 
Is nach mise an trua Mhuire is mé ag cailliúint na ngéag le grá 
Má tá sé inár gcinniúint nach féidir dhúinn a chéile a fháil, 
Bí thusa in do choinneal is beidh mise i m’fhéileacán.