Baile an Róba – Amhráin is Ansa Liom
Amhránaí
Téamaí
Baile an Róba
Is i mBaile an Róba bhíos seal ‘mo chonaí is táim faoi dhólas anois le mí
Ag cuimhneamh i gcónaí ar bhláth na hóige, a grua mar rósa is a béilín binn
Bím gach Domhnach ag seinm cheoil di, a’ súil ‘s go seolfadh Dia mo bhealach í
Ach arís tráthnóna, ó bím go brónach ag smaoineamh ar chomhrá mo chailín fionn.
Bean is fiche bhí seal i ngrá liom ach i lán na sráide níor chuir mé suim
Nó go dtáinig an ainnir a bhí múinte mánla is gur thríd an bhfáinne go gcuirfeá í
Bhí culaith gheal uirthi den síoda ab’ áille ‘s bhí an mhil dá fáisceadh as gruaig a cinn
‘s gur bí mo ghrá-sa an mhaighdean mhánla a d’fhág mé cráite le mo shaol.
Sheas an ainnir seal beag taobh liom mar bhí sí caoithiúil ‘s ba deas a méin
Ba ró-dheas a pearsa ‘s a seasamh díreach, a com go caol deas is mheall sí mé
Sí ba deise is ba chiúine gáire, dá bhfaca súil aon fhear go fóill
Is a chúr na toinne is a bhláth na n-úlla má dhéanann tú mé dhiúltú ní bheidh mé beo.
Chuaigh mé ‘un seanchais le fear den chomharsan ó cérbh í an óig-bhean ‘bhí romham sa tslí
Is dúirt sé liomsa gur cailín cóir í agus bean ní b’áille nach raibh sa tír
Tá brainse mór inti de fhuil na bhFianna ‘s g’aon mhianach mór dá bhfuil sa tír
Sé a h-ainm baiste ó Máirín Seoighe is tá fearaibh Fódhla ar fad ‘na diaidh.