Dónall Óg – Amhráin is Ansa Liom 2

Dónall Óg

‘S a Dhónaill Óig, má théir thar farraige
Tabhair mé fhéin leat is ná déan dearmad
Beidh agat féirín lá aonaigh is margaidh
Is beidh iníon Rí Gréige mar chéile feasta leat.

‘Gus gheall tú dhom agus rinne tú bréag liom
Go mbeitheá romham ag cró na gcaorach
Lig mé fead ort is míle béice
Ach ní bhfuair mé romham ann ach na h-uain ag méileach.

‘Gus thug mé grá dhuit is mé beag bídeach
Chuir mé barr air is mé mór millteach
Ní shin é an grá thug an t-uan don chaora
Ach grá buan daingean nach féidir a scaoileadh.

‘Gus deir siad liom go bhfuil mo phléata ag ardú
Ní ón bhfíodóir é ná ón táilliúr
Ná gréasaí caol ná sálaí arda
Ach an buachaill geanúil ‘bhfuil an baibín bán air.

Má thagann tú chugam ó tar in san oíche
Buail ag an doras nach ndéanann gíoscán
Nuair a fhiafrós mo mháithrín cé dár díobh thú
Ó abair léi gur siolla den ghaoth thú.

Is a Dhónaill Óig, má théir thar farraige
Tabhair mé fhéin leat is ná déan dearmad
Beidh agat féirín lá aonaigh is margaidh
‘S beidh iníon Rí Gréige mar chéile feasta leat.