Eleanóir, a Rún

Téamaí

Eleanóir, a Rún

Mo ghrá don chéad fhéachaint thú a Eleanóir, a rún
Is ortsa a bhím ag smaoineamh, tráth a mbíonn mé ar mo shuan
A ghrá don tsaol ‘gus a chéad searc ‘s tú is deise ná ban Éireann
‘S a bhruinnillín deas óg ‘s tú is deise milse póg
Chúns a mhairfead beo beidh gean agam ort
Mar is deas mar a sheolfainn na gamhna leat, ’Eleanóir, a rún.

Bhí bua aici go meallfadh sí na h-éanlaith den chrann
‘Gus bhí bua eile aici go dtógfadh sí an corp fuar ón mbás
‘S bhí bua eile aici nach ndéarfaidh mé, sí grá mo chroí is mo chéad searc
‘S a b bhruinnillín deas óg, ‘s tú is deise is milse póg
Chúns a mhairfead beo beidh gean agam ort
Ó mar is deas mar a sheolfainn na gamhna leat, ’Eleanóir, a rún.

An dtiocfaidh tú nó a’ bhfanfaidh tú ’Eleanóir, a rún.
Nó an aithneódh an té nach gcáinfeadh thú, a chuid don tsaol ‘s a stór
Ó tiocfaidh mé ach ní fhanfaidh mé is maith d’aithneoinn an té nach gcáinfeadh mé
‘S a bhruinnillín deas óg,’s tú is deise is milse póg
Chúns a mhairfead beo, beidh gean agam ort
Mar is deas mar sheolfainn na gamhna leat, ’Eleanóir, a rún.