Sail Óg Rua – Corn Uí Riada 2016

Téamaí

Nach mise an trua Mhuire ag goil Carraigín an Fhásaigh,
Ag gol is a gárthaíl is ag déanamh bróin
Ag oiliúint mo leanbh ar bhacán mo láimhe,
Is gan fiú braon bainne agam a bhéarfainn dhó.

Is níl mé ach tréithlag is níl aon maith dhom dhá shéanadh
Is níl mé ar aon chor ach mar an gceo
Is go bhfuil fuil mo chroí istigh dhá shileadh ina bhraona
Is a Dhia, cén t-ionadh i ndiaidh mo Shail Óg Rua.

A stór do bhéilín nár chum na bréaga
Is bhí do bhrollach álainn mar an eala ag snámh
Do dhá chíochín glégeal le do leanbh a bhréagadh
Is a stór dhá b’fhéadfainn ní bhfaigheadh tú bás.

Dhá bpósfainn an chailleach ghránna
Thóigfeadh a lán orm a bheith ag gol ina diaidh
Ach mo chailín breá deas ina dtug mé grá di
‘S gur ina páiste ‘sea fuair mé í.

In aois a sé déag ‘sé fuair mé fhéin í,
‘S nár dheas an féirín í ag fear le fáil.
Ach a stór mo chléibhe is tú a d’fhág liom fhéin mé
Mar a chuaigh tú i gcré uaim is tú i do chailín óg.

Dhá fhada uaim siar thú nó in íochtar tíre
Ba dona an oíche í nó thriallfainn ann
Is mo thaobh ní shínfinn le aon bhean choíchin
Nó go bhfaigheadh mé dídean ó do bhrollach bán.

Is b’fhearr liomsa go mór mór mo dhiaidh san ród thú
Ag bleán na mbó dhom nó i mbun mo thí
Ná saibhreas Rí Sheoirse is é fháil le stróinse
Mar gur domhain faoin bhfód a chuir mé stór mo chroí.