An Buachaill Deas Óg

Amhránaí

An Buachaill Deas Óg

Nach trua libh an buachaill deas óg ar imigh uaidh stór a chroí.
Ag imeacht fríd chnoic ina mbíonn ceo agus tuirse rómhór ar a chroí.
Ach shuífeadh sé suas ar bord, in aice le stór a chroí,
Nó go dtabharfadh sé leathdhosaein póg don ainnir a bheoigh a chroí.

Níl beann ag Eoghan ar ór ach oiread le heorna ghlas,
Ach i dtaca le Iseabal dó, ‘gus aici bhí an t-ór le rann,
Tá beannacht na mbochta go deo ó léithe ina cóta cruinne.
Dúshlán gach duine bhfuil beo ‘s a dtáinig ón phór a bhí ceart.

Nach mór ar a phobal a d’fhág gach uile bhean bhreá ‘do dhéidh
Le gile, le deise,‘s le breáthacht níos deise ná bláth na gcraobh.
Dá mbeadh a fhios ag d’athair, a Sheáin go raibh tú ar an tsnámh aréir,
Fá do choinne go gcuirfeadh sé bád agus foireann mhaith sheasta léi.

Ach pill ar a’ bhaile más áil, is gheobhaidh tú na dánta cruinn,
Cúig phunta den airgead bhán ‘s cead codladh le grá do chroí.

Amhráin eile le Róise Nic Corraidh