Tar Chugam i mo Néaltaí

Amhránaí

Tar Chugam i mo Néaltaí

Tar chugam in mo néaltaí a spéirbhean a mhearaigh mé,
‘Gus aithris domh nár chaill tú riamh a’ grá orm,
Leag do cheann dubh díleas anall ar mo bhrollach
Agus codail go séanmhar go lá liom.

A bhuachaillín na dílse níor cheil mé riamh mo ghrá ort,
Ach mo léan géar ní chodlóchad go lá leat,
Chuir tú cuireadh mall orm,’s ba tusa rinne an fheall orm,
‘S go rachainn ach ab é go bhfuil mé dallta.

Tuigim féin a ghrá go mba mise ‘rinne an fhaillí
Ach bhí faitíos orm labhairt leat ródhána,
Bhí eagla orm nach nglacfá mé ‘s go mbrisfeadh sin ár gcarthanas,
‘S a Dhia Mhór nár thaismeach mar tharla.

I ndiaidh gach oíche bhrónach ar chaith mise ‘mo chodladh leat,
‘S mé ‘ dúil go dtiocfá chugam fríd an fhásach,
A riamh uilig ní tháinig tú is d’fhág tú ar an anás mé,
Gur casadh domh an fear a thug a lámh domh.

Nach cuimhin leat gach oíche thíos ar chois na farraige,
Is éanacha na coilleadh ‘seinm ceoil dúinn,
A’ crotach mara a’ feadalaigh, ‘tabhairt cuireadh dúinn go carthanach
Go ndéanadh sinn ár gcónaí ‘dTír na hÓige.

Beidh cuimhne ‘gam a choíche ar gach oíche ar chaith tú ‘suirí liom
Chois cladaigh thíos ba muid a bhí go glórmhar,
Ní dhéanfainn féin do mhalairt nó bhí Neamh againn ar talamh,
Ó, ‘s cad chuige nár chaith muid seal i dTír na hÓige,

Ach, mar Oisín tá mé cloíte a’ síorghol ‘s a’ mairgnigh,
‘S mo bhanríon uasal scartha uaim a choíche,
I dTír na nÓg ar ais dá mbeinn is mé seal oíche ‘suirí leat,
Go leigheasfadh sé mo ghalar dubhach go síoraí.

I dTír na nÓg ar ais dá mbeifeá ‘s tú seal oíche a’ suirí liom,
Ar m’fhocal duit nach scarfadh sinn a choíche
Ná dhéanfainn féin do chealgadh ‘s sheolfainn ar a’ bhealach thú.
Nár dhual duit pian ná galar dubhach go síoraí.

Beidh sonas agus saoirse aoibhneas ar Neamh againn
‘S gan scaradh ar ár n-anamna go deo ann
Faoin chrann is milse toradh dár fhás ariamh san abhaill
Órú chaithfidh muid an tsíoraíocht go glórmhar.

Amhráin eile le Róise Nic Corraidh