An Chaora Ghlas – Sean Nós na mBan

An Chaora Ghlas

Sé an trua ghéar gan mise is mo chéad searc
Ar mhullach an tsléibhe thuas
Gan neach ar bith beo inár ngaobhar
Ach an sneachta á shéideadh anuas,
A dhá láimh a bheith i mbrollach mo léine
Go deimhin níor bhaol di fuacht
‘S go dtabharfainn póg mhilis dhá béilín
A chuirfeadh na céadta chun suain.

Is tháinig mé isteach ag mo mháithrín
Is mo bhalcaisí báite fliuch,
Ó muise, a Mhicil na páirte cá raibh tú ar snámh inniu?
“Nach cuma sin dhuitse, a mháithrín
Mar ní bhaineann mo cás-sa dhuit,
Ach go ndeachaigh mé i gcontúirt mo bháite
Le Máirín taobh thall den tsruth.”

Is déanfaidh mé cuilt de mo bhríste
A mhairfeas le linn na bhfear,
Is an fhéasóg ní bhainfidh mé dhíom í
Nó go bhfásfaidh sí míle ar fhad,
Is imeoidh mé amach faoi na sléibhte
Chomh giobach le caora ghlas,
Is mar a bhfaighidh mise bean ar an gcaoi sin
Tréigfidh mé an tír ar fad.

Is nach truaigh mise ag tíocht go lá ‘Le Pádraig
Is mo theanga chomh bán le cailc
Is a liachtaí sin cailín deas álainn as seo go dtí bun na ngealt
A thabharfadh dhom póg is céad fáilte
Is a croithfeadh liom láim i gceart
Ach a stór os anois ag fáil bháis mé
Nach galra gan náire é an tart.

‘S deir mo mhuintir go bhfuil mise pósta
Ach m’anamsa fós nach bhfuil
Is ar a bhfuil de leabhra i mo phócaí
Gur ag dradaireacht leo a bhím
Ach éirigh is cuir ort do chuid éadaigh
Is cóireoidh mé fhéin do chúl
Is mar a bhfaigheadh muid ár bpósadh in Éirinn
Beidh muid ag goil anonn.

Is, níl sé ach mí anois ó phós mé
Is faide liom lá ná bliain,
Round the world for sporting
Is faraor má phós mé riamh,
Gealladh eallach is maoin dhom
Ach ní bhfuair mé ach lao ‘gus bó,
Is cailleadh an lao ins an ngeimhreadh
‘S an t-earrach dar gcionn an bhó.