Marbhna Thomáis Ághais – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

Marbhna Thomáis Ághais

I gCinn Áird fhéarghlais ar fhaobhar na taoide 
Tá tinteán néata faoi dhubhnéal bróin 
Fán ngárlach rua cás ná fillfidh choíche 
Ó d’fhág le haoibh é ar buí lá Fómhair 
Bhí Tomás Ághas geal glan sé ar airde 
Bánchnis shíodúil is croí mar leon 
Ba chaite snóite a chaolchorp sínte 
Faoi bhrat na saoirse – ár laoch go deo.

I gcath Ashbourne ar theorainn na Mí thuas 
I mBearna an Bhaoil sheas an tÁghasach óg 
‘S gur le neart a ghéaga is cabhair a dhiorma 
Do bhuaigh glan díreach ar bhuíon ní ba mhó 
Ó bhuillí tréana ná feall dá ghéire 
Níor chúlaigh ár laoch geal riamh aon ló 
Ach ar fuaid na tíre ag adhaint na saoirse 
Níor staon dá dhícheall gur gabhadh faoi dhó.

Ba thréan a mhóidigh aon bhia nach tógadh 
I ngéibhinn fuar ghlas aon deoch níor dh’ól ná tógfadh
‘S gur le fórsa pípe a baineadh díoltas 
Ó Dhia ‘s a Shaoirse faraor go deo. 
Ár gceannairí tréana ag Gaill dá sléachtadh 
Ag dó san aol gheal taréis an áir 
Is ar ghaoth an Gheimhridh cois faobhair na taoide 
Tá monuar caointe ar thráig Chinn Áird.