An Spailpín Fánach – Sean Nós na bhFear 2019

Amhránaí

Téamaí

An Spailpín Fánach

Muise is spailpín aerach tréitheach mise ‘gus bígí ag soláthar mná dhom,
Mar a chroithfinn an síol faoi dhó san Earrach in éadan taltaí bána,
Chroithfinn an síol faoi dhó san Earrach in éadan taltaí bána,
Mo láimh ar an gcéachta i ndiaidh na gcapall is go réabfainn cnoic le fána.

‘S mo chúig chéad slán leat dúiche m’athair is go deo deo don oileán grámhar,
An scata fear óg a bhí i mo dhiaidh ag a baile nár chlis orm in am an ghátair.
Tá Baile Átha Cliath dóite ‘s tógfar Gaillimh beidh lasair a’ainn ar thinte cnámha.
Beidh fíon is beoir ar an mbord ag m’athair sin cabhair ag an spailpín fánach.

‘S an chéad lá in Éirinn dár liostáil mise bhí mé go súgach sásta,
‘S an dara lá dhár liostáil mise bhí mé buartha cráite.
Ach an tríú lá dhár liostáil mise thabharfainn ór an tsaoil le é a fhágáil,
Ach dá dtugainn sin agus an oiread eile ní raibh mo phas le fáil a’am.

‘Gus bhí mise lá ar mhargadh i gCill Chainnigh agus tháinig sé go trom ag báisteach,
Theann mé isteach chuir mé droim le balla is thosaigh mé ag glaoch na gcárta
Ó ghlaodh isteach ann bean a’ leanna í súil le go n-ólfainn mo pháigh
Ach dheamhan deoir dár glaodh as sin go maidin ná raibh thíos in aghaidh an spailpín fánach!

Is bhí mise lá thíos i nGaillimh ‘gus an abhainn ag goil le fána,
Bhí an breac ’s an eascann ’s an beartín slat ann ’s chuile ní dá bhreácha
Ó bhí na mná óga ann múinte tógtha siad a bhí go tanaí tláth-deas
‘Gus diabhal cailín óg dá suífinn léi nach gcuirfinn an dubh ar a’ mbán di.

‘Gus b’fhaide liomsa lá ’bheinn i dteach gan carad ná bliain mhór fhada is ráithe.
Mar is buachaillín aerach meanmnach mise agus bhréagfainn an bhruinneall álainn.
Ó dhá bhean déag a bhí ag éad ’s ag iomaí liom ag súil le tairbhe mo láigh!
Ach gurbh é paidir na caillí nuair a théinn thar an tairseach:
“Now behave yourself a spailpín fánach!”