An Chiomach

Amhránaí

An Chiomach

Bliain i dtús an taca seo nach mise a bhí gléasta
‘S mé in ann a ghoil chun cainte i mBéarla nó i nGaeilge.
Nó gur phós mé an chiomach ach a raibh cúpla bó mar spré léi
Ach d’fhága sí fuar folamh mé i mo chraiceann geal gan léine.

D’éirigh mé ar maidin agus nigh mé m’éadan is mo lámha
Is d’fhiafraigh mé don chailín an dtiocfadh sí chun báire
Cheadaigh sí a mama ach níor bhac sí lena hathair
Is d’fhága sin fuar folamh mé gan tada ach an cáca.

D’éirigh mé ar maidin is chuaigh mé i mbun mo láí
Is diabhal sin tine a d’fhadaithe mé ná folach a bhí ar na páistí
Ní hé sin fhéin a mharaigh mé dá mhéid dá raibh mo dhólás
Ach mo leana bán ag screadach is an chiomach i dteach na comharsain.

Is comhairle dhíbhse a bhuachaillí an méid agaibh atá gan pósadh
Ná fágaí bean mhaith ina ndiaidh mar gheall air í bheith gan bólach
Mar is deas an rud an bothán glan le theacht isteach ann tráthnóna.
Seachas luaith bhuí na seachtaine a bheith á cuir amach Dé Domhnaigh.

Is tá scéilín eile le n-aithris agam is náire orm é inseacht
An lá a raibh ceathrar nó cúigear fear ‘am ag plé le carnán aoiligh
D’imigh an chiomach ar maidin an rud ba chleachtadh léi a dhéanamh
Is diabhal deamhan a dtáinig go titim dubh na hoíche.

Ó iarraim ar Dhia ‘s Muire an lá amáireach go raibh ina ghála
Nár tháinig aon bhád ar farraige ach ar éigin go Doire Fheárta
Is fuair mé gloine fuisce ó bhean na cúile báine
Agus shíl mé go raibh mil uirthi ó chuaigh sí thríd na lámha.

Dá mbeadh ór buí agam agus airgead i mo phóca
Óra dhéanfainn cosán aicearra go doras tí mo stóirín
Sa gcaoi go mbeadh an deis agam go gcloisfinn torann binn a bróigín
Mar chaill mé codladh seachtaine ag súil le blais a póigín.

Mo bhrón go deo ar a’ bpósadh is mairg ariamh a dhein é
Mar is deas an rud pósadh agus is dona rud a scaoileadh
Ach dhá dtiocfadh sé mar dhlí amach mar dhéanfá le bhó nó caora
An té nach dtaitneodh an bhean sa mbaile leis í a sheoladh chuig an aonaigh.