Cailleach an Airgid – Sean Nós na bhFear 2022

Amhránaí

Cailleach an Airgid

Dá bhfeicteása an steam ag gabháil siar Tóin Uí Fhloinn,
Is na rothaí ag dul timpeall siar óna ceathrúnaí,
Dá gcorraínnse an stiúir naoi n-uaire ar a cúl,
Ní choinneodh sí siúl le cailleach an airgid.

Sí do mhamó í, sí do mhamó í,
Sí do mhamó í, sí cailleach an airgid,
Sí do mhamó í ó bhaile Iorrais Mhóir í,
Is chuirfeadh sí cóistí ar bhóithrí Chois Fharraige.

Tá beirt ag goil ag pósadh, beirt ag goil ag pósadh,
Beirt ag goil ag pósadh ar an mbaile sin againne,
Tá beirt ag goil ag pósadh, beirt ag goil ag pósadh,
Mac Shéamuis Mhóir agus Síle Ní Chathasaigh.

Sí do mhamó í, sí do mhamó í,
Sí do mhamó í, sí cailleach an airgid,
Sí do mhamó í ó bhaile Iorrais Mhóir í,
Is chuirfeadh sí coistí ar bhóithrí Chois Fharraige.

Muise, measann tú an bpósfaidh, an measann tú an bpósfaidh,
Measann tú an bpósfaidh cailleach an airgid?
Tá a fhios agam nach bpósfaidh, tá sé ró-óg
Ó tá sé ina réice agus d’ólfadh sé an t-airgead.

Sí do mhamó í, sí do mhamó í,
Sí do mhamó í, sí cailleach an airgid,
Sí do mhamó í ó bhaile Iorrais Mhóir í,
Is chuifeadh sí coistí ar bhóithrí Chois Fharraige.

Ó bhí raibh mise aréir i mbealach an chinn,
Bhí mo chuid eangachaí sínte agam siar leis an bhfarraige
Ach céad faraor géar dearnadh orm sléacht,
Nuair a tháinig na fíogaigh agus rinneadar slad orm.

Sí do mhamó í, sí do mhamó í,
Sí do mhamó í, sí cailleach an airgid,
Sí do mhamó í ó bhaile Iorrais Mhóir í,
Is chuirfeadh sí coistí ar bhóithrí Chois Fharraige.

Nuair a bhí mo dheaideo ina leaidín beag óg,
Ó cheannaigh sé an eangach seo thiar i gCois Fharraige,
B’fhearr liomsa go mór mo dhá láimh a dhó
Ná eangach dheaideo a bheith caite cois balla agam.

Sí do mhamó í, sí do mhamó í,
Sí do mhamó í, sí cailleach an airgid,
Sí do mhamó í ó bhaile Iorrais Mhóir í,
Is chuirfeadh sí coistí ar bhóithrí Chois Fharraige.

Ó éirigh suas, a Sheáin, is beir ar do bhiorán
Agus féach a ndeasófá píosa den eangach seo
Mar bhí sé i do dhream is tá sé i do láimh
Is ba mhaith an fear báid tú ar thalamh is ar farraige

Sí do mhamó í, sí do mhamó í,
Sí do mhamó í, sí cailleach an airgid,
Sí do mhamó í ó bhaile Iorrais Mhóir í,
Agus d’íosfadh sí feoil Dé hAoine is Dé Sathairn