Caisleán Uí Néill – Sean Nós na bhFear 2022

Amhránaí

Téamaí

Caisleán Uí Néill

Cead slán don oíche aréir,
Is é mo léan gan í anocht ina tús,
Leis an mbuachaillín spéiriúil
A bhréagadh mé seal ar a ghlúin,
Cur chuir tú orm d’éileamh
A mhíle grá bán, ní leatsa mo rún,
Ach céad faraor géar
Tá na sléibhte ag dul idir mé is tú.

Tá an gairdín seo ina fhásach,
A mhíle grá bán, is tá mise liom fhéin,
Tá na pósaetha ag fás ann
Is breátha dá bhfaca tú riamh,
Ní chluinfeá ceol cláirsí ag dul an tsráid seo
Ná ceol binn na n-éan,
Ó d’éalaigh mo ghrá uaim,
Cúl álainn go Caisleán Uí Néill.

Is i gCaisleán Uí Néill
Atá an péarla a bhain díomsa mo ghrá,
Cé go dtug mé fhéin spéis di
Is é mo léan géar i ngan fhios don tslua,
Is ag teallach tigh Mhóir
Is ea chónaíonn is a chodlaíonn mo ghrá,
Agus a shamhail níl le fáil agam
Ach an réalt eolais atá ar an mbaile úd taobh thall.

Ba mhilse liom do phóigín
Ná na rós a thagann faoi bhláth,
Is le cumha i ndhiaidh mo stóirín.
Ní mó ná go gcodláim go sámh,
Bliain san oíche aréir
Sea réab na capaill an fál,
Is naoi n-oíche ina dhiaidh sin
Sea d’éalaigh mo ghrá uaim sa snámh.

Agus d’aithneoinn mo stóirín
Is í ag gabháil thrí sráide Bhaile Átha Cliath,
Agus d’aithneoinn aríst í
Is í gabháil thríd an mbaile úd thiar.
Dá mba liomsa Tír Eoghain,
Cé gur mór í le tairiscint mar spré,
Ach b’fhearr liom bheith pósta le mo stóirín i gCaisleán Uí Néill.