A Ógánaigh an Chúil Chraobhaigh

Amhránaí

A Ógánaigh an Chúil Chraobhaigh

A ógánaigh an chúil chraobhaigh, cad é an taobh ar a go mbíonn tú?
Nó an bhfuileann tú gan a chéile, nó an id’ aonar a luíonn tú?
Ó táimse gan a chéile agus im’ aonar sea luímse,
Cé hé sin dhá fhiafraí, nó an éinne beo ‘n tír í?

‘N amhl’ ná haithníonn tú mé féinig a céadsearc do chroí-se,
‘S gur mé cailín a’ ciúin craobhaigh a bhíodh taobh leat san oíche.
Ní aithním tú in aonchor, agus níl aon phioc ded’ ghnaoi ann,
Mar sin do mhill cré mé, ga gréine ‘gus gaoithe.

‘S an cuimhin leatsa an oíche úd do bhíse ag an bhfuinneoig
‘S gur shíneas mo lámh chughat is gur fháscais orm barróg?
Do shíneas-sa síos leat ‘s im’ chroí ná raibh aon urchóid
Agus d’fhanamair i gcomhluadar gur chualamair an fhuiseog.

‘S an cuimhin leat-sa an oíche úd do bhíosa agus tusa
Fé dhuilliúr na gcrainn amuigh agus an oíche ag cur cuisne?
Mo dhá láimh id’ thimpeall is m’intinn-se agatsa
‘S lag a shíleas an oíche úd go scaoileadh ár gcumann.”

Beir mo mhallacht chun mo mháthar, ‘s go brách brách chun m’athair
Nár leog orm tú a phósadh nuair a bhíos suas im’bheathaidh”
Nuair is dóigh le mo mhuintir go mbím ar mo leabaidh
Ar do thuama ‘sea bhímse, ó oíche go maidin.

Amhráin eile le Síle Nic Suibhne