Cruach Dhónaill Uí Ríordáin

Amhránaí

Cruach Dhónaill Uí Ríordáin – Mná faoi 35bl 2015

A’ bhfeacabhair a dhaoine, an tine le hairde
Bhí le titim na hoíche ar Mhullach na Réidhe?
Bhí cruach Dhomhnaill Uí Ríordáin a bhí taiscithe díonmhar
I dtosach an gheimhridh roimh sneachta nó gaoth.

Beidh an Inid gan mhoill air is d’oirfeadh bean tí dó,
Níl tine ná spríos aige a bheireodh an tae,
‘S gurb’ é a dúirt Micil Buí mar gur mhaith an fear tí é,
Go dtabharfadh crúib líonta is go ndéanfadh sé déirc.

Pead Buí, is fear ceoil é, agus glaodh chun tigh an óil é,
Tabhair gloine nó dhó dó is cuardóidh sé é,
Mar gur inis na comharsain ar theacht don tráthnóna
Gur ghaibh Domhnall Eoin siar trasna na Réidhe.

Go raibh tine ina phóca is é ag lasadh thortóga ann
Gur dhóigh sé an chruach mhóna is go maithfear do é,
Ach dearbh ó Joan air nár ghaibh sé níos mó uirthi
Nó cuirfear é an cóngar go Botany Bay.

Bhí capall mear groí aige ‘gur bearradh an mhoing de,
‘S hinseadh go fíor dom go bhfuil sé san aos,
‘S gurbh é Seán Ó Cuill nuair a casadh sa tslí é
Go raibh meaisín is cíor aige is gur ceardaí glan é.

Tá do chapall marcáltha bíodh spoir ar do shála,
Bíodh srian ins gach láimh leat is tógfaidh tú an sway
‘S más fíor iad na ráite go bhfuil ort aon mháchail
Ná feicim go brách thú anso i bpobal Chúil Aodha.

Beidh do chomharsain ag bruíon leat ‘s in earráid leat choíche,
Má bhaineann tú díol díobh ar phortach na Réidhe,
Próiseálaí líonta fuair Mathúin is Creed ann
Ar dhearbhú bínse is nár thug dóibh aon spéis.

Amhráin eile le Síle Nic Suibhne