Lá ‘le Pádraig – Corn Uí Riada 2013

Téamaí

Lá ‘le Pádraig

Do bhíos Lá fhéile Pádraig im shuí i dtig tábhairne,
Bhí cuideachta álainn lem thaobh ag ól,
Bhí maighre mhánla na gcuacha bána,
A cneas mar bhláth is a grua mar rós,
Bhí dís de shár fhear ina suí ar ceann cláir ann
A thug searc ’s grá gean don aoileann óg,
Bhí fear súiste is rámhainne is máistir scoláirí
Do scríobh a lán agus a léigh go leor.

Do labhair gach n-aon díobh ina pháirt féineach
Ag moladh a thréithe leis an maighdean óg,
Féachaint arbh fhéidir aon tseift a dhéanamh
Nó in aon tslí ar aon chor le teacht ‘na cóir,
Do labhair an spéirbhean a bhí ciúin tais maorga,
‘Ní mholfainn féin an té is áille snó,
Ach an té ba léire le tíos a dhéanamh,
Is é ba mhéin liom a theacht im chóir’.

Is sinne a mhúineann na sagairt chumhachtach
Is na bráithre múinte’ a théann ’dtí’n bhFrainc,
Lucht dlíthe a múscailt i dtithe cúirte
‘S na dochtúirí a dhéanann leigheas.
Mo bhróig bhinn bhuaclach m’ adharc bhreá phúdair,
Is deas mo thrús is mo charoline,
Ó bím go súgach sna hallaí múinte
Nuair a bhíonn an bhrúid seo ag rómhar go domhain.

‘S a Mháire a laoi ghil ná pós é in aon chor
Nó beidh tú i d’éigean ar feadh do shaoil
Gan mhúin, gan bhéasa is gan meas ag aoinne ort
Ach rámhainn id’ ghéag is tú ag rómhar sa díg
Nach mór an léan liom do leanaí géarghoil
Gan snáth don éadach ach an súisín buí
Ag ól bláthach géire le prátaí atéite
Gan fáil in aon chor ar ghreim den im.

‘Gabhaim an céachta ’s treabhaim na réchnoic
Is beathaím féineach gach ar airíos fós,
Is cuid dem shaothar an chruithneacht chraorach
Is an eorna a dhéanann dúinn brandy is beoir.
Is mé ag siúl an aonaigh bíonn feirc im’ bhéabhar,
Is ‘s deas mar a thaoscfainnse puins ar bord,
Nuair a bhíonn an t-éigean so ag siúl na hÉireann
Is a chleití géanna aige mar phas ina dhóid.

Is lúbach láidir a threabhfainn bánta duit
Is mo gharraí prátaí go deas lem’ thaoibh,
Do chuirfinn díon duit ar chruach nó ar stáca,
Nó chuirfinn a lán des na síolta i gcré,
Do bhéarfainn a lán díobh ó chíos is cána,
Chun a roinnt ar áineas is ar bhochtaibh Dé,
Is a Dhia na nGrásta, nár mhór mé le háireamh,
Ná an máistir scoláirí seo is a mhálaí léinn.