Bádaí na Scadán – Corn Uí Riada 2013

Amhránaí

Téamaí

Bádaí na Scadán

Foireann an bháid a b’fhearr a d’fhág Inis Fraoigh,
Is iad a tarraingt san áit a raibh bádaí na scadán ina luí;
Ar boilg gur fágadh is gan tarrtháil orthu faraor,
Is mo bhuachaillín bán deas a sheinneadh an fhidil is an phíob.

Is measa liom Eoghan ná scór de fhearaibh an tsaoil,
‘S é a chuirfeadh ar bord is nach mór a lagaidh sé an tír;
Tá Macán bocht buartha, Nóra bheag is a níon,
Is dar liom, ar ndóigh go mbeidh dólás mór fada ar a mhnaoi.

A Fheargail, a dheartháir, má théann  tú i bhflaitheas na Naomh,
Iarr fortacht ar an Ard Rí lena bhfáil ins an chladach seo thíos;
Mura bhfaighfí ach a gcnámh is iad ar na leaca ag na dtaobh
Bheadh a athair bocht sásta agus bheadh athrach mór fada ar a shaol.

Ní maith liom do shúil, riú, is tú a bheith tuirseach i ngreann,
Is do chorpán geal úr a bheith ag súgradh ar bharr na dtonn,
Na maidí a bhí fút á lúbadh tharat anall;
Bhí do lámh ar an stiúir is tú ag dúil le bheith i bhflaitheas gan mhoill.

Dá bhfeicfeá Eoghan Mór is é ag cuartú cladach is poll,
Ag iarraidh tuairisc na mbuachaill a fuadaíodh amuigh ar an toinn,
Shiúil sé na cuantaibh ach níor dhual dó a leithéid fháil ann
Nó go bhfuarthas a dtuairisc thuas ar an Iomaire Cham.