An Abhainn Mhór – Amhráin is Ansa Liom

An Abhainn Mhór

Céad slán don Abhainn Mhór, sé mo bhrón gan mé anocht lena taobh
‘gus a liachtaí sin bóithrín caol uaigneach ag dul idir mé is í,
Ins an áit ina mbíodh spóirt ag an aos óg is pastime na hoíche.
Bhíodh an jug ar an mbord ann is mo stóirín fial fairsing dhá roinnt.

Murach m’óige agus dícéille ‘s deas aerach mar a chaithfinnse mo shaol
Nó gur éalaíos thar sáile le Máire ar uair an mheán oíche.
Nuair a ghreamaíos den Bhúrcach a diúltaíodh i gcathair na naomh
Sé a d’fhága ar fán mé ‘s gan fhios ‘am cá gcodlóinn an oíche.

Chúns bhéas mé beo in Éirinn ní thréigfidh mé imirt ná ól
Chúns bhéas mé beo in Éirinn ní thréigfidh mé tréartha ban óg
Chúns bhéas mé beo in Éirinn ó pléascfaidh mé an jug ar an mbord
‘S céad slán duit a mhíle stóirín is cé déarfadh nach liomsa thú fós.

Tá mo mháithrín go haonraic léi fhéin i gCaladh na mBád
Ag osnaíl ‘s ag éagaoin ó oíche go lá
Tá a comrádaí sínte i gCill Bhríde ‘gus leac ar a cheann
‘S tá a mac ar fud na tíre ag imeacht ‘s ag ealaíon le mná.

Is tá mo chóta mór stróicthe, ochón, ’s é silleadh liom síos,
‘Gus an té a chuireadh cóir air mo bhrón tá sí i bhfad as mo shlí
‘Gus an té a bhainfeadh póg do mo stóirín ‘s mé bheith lena taobh
Go mbainfinn fuil shróna as nó ba láidir é a chara sa tír.