Cití Ní Eadhra – Corn Uí Riada 2012

Amhránaí

Cití Ní Eadhra

‘Gus a Chití Ní Eadhra, nach náir liom mar a d’imigh tú uaim,
‘Gus an croí atá i mo lár gur fhág tú chomh dubh leis an ghual,
Ní iarrfainn de spás ar an Ardrí ó na flaithis anuas
Ach cead troda leis an bhás an lá sular imigh tú uaim.

Tá dhá cheann an tí ina luí is tá an lár gan dóigh,
Ó d’imigh an bhean chaoin, faraor, a bhí soineanta cóir,
Ó níor fhan sí agam ach trí ráithe a bhí ba ghiorra ná an uair,
Is nach seo mo léan géar gur fágadh í sínte san uaigh.

‘S a dheartháir díleas, dá  bhfeicfeá sa teampall í,
Is gach dlaoi dena gruaig fite mar ornaithe buí,
Bhí ribíní úra thart suas fana ceann uirthi,
Is nach seo mo scéal trua nach bhfuair mise caint aici.

Is dá bhfeicfeása í aréir is í i ndiaidh an bás a chloí,
Is a cónair cung chaol déanta réidh ó lámha an tsaoir,
Bhí a com deas mín sínte síos mar a d’ordaigh an Rí
Is nach i leabaí chúng chaol í gan radharc sea fágadh í.

‘Gus a Chití gheal mhín, nach aoibhinn duitse gach lá,
Tá i bhflaithis na naomh a bhfuil na mílte anam gan smál,
Ó, ní mar a bíomsa atá ag caoi agus ag osnaíl gach tráth,
Is nach sa talamh ina luí atá rogha mo charad de mhná.

‘S nach fada mé ag triall thar mhullach na n-ardán donn,
Mar ‘ndúil is go bhfeicfinn mo leanbh nó scáil a cinn,
A cúl trom triopallach fite a bhí fáinneach fionn,
‘S nach seo mé ag triall chugaibh is gan mo Chití Ní Eadhra liom.

Go dtiocfaidh an tEarrach i láir an Fhómhair bhuí
‘S go dtiocfaidh  Lá ‘Le Pádraig cúpla lá ina dhéidh
Go bfhásfaidh an bláth bán fhríd cheartlár mo chónra aníos
Cumhaidh ort a Chití ní fhágfaidh go deo mo chroí.