Máire Mhaiseach – Amhráin is Ansa Liom

Amhránaí

Téamaí

Máire Mhaiseach

A Mháire mhaiseach a chailín is órbhuí ciabh
Cad chuige nach molann tú i gcónaí a’ bheith ag triall
Dá mbeadh a fhios agam go mbeadh bean ar bith beo gan bhia
Nach í bean an chaiftín a bheadh agam seal míosa ar sliabh.

Fóill fóill, a ghailltigh a dúirt sí uair nó dhó
Sé an scannal nár thuill mé ariamh go fóill
Mo leithéid de chailín a bhfuil ribíní ceangal dá bróg
A bheith ag siúl curaigh faoi thuirse le buachaill bó.

Is ní mar a dúirt sise an fhaoileann bhán
Go raibh an haon a hairt aici is cúpla mámh
Bhí muileata agus cuileata ar lúth ina lámh
Is go meallfadh sí an file le aon súil amháin.

‘S tá an oíche seo siocaithe is tá an ghaoth i ndroch aird
Is tá an sneachta go fairsing fá bhéal an átha
Tá an tseisreach ina seasamh ‘gus tá an béim ar lár
Is tá mo chailín ins an bhaile is í i ndiaidh an Éirne a shnámh.

Is ní raibh mé ar cuairt aici ó chuaigh sí i gcró dí fhéin
Is ní raibh mé ar cuairt aici ó fuair sise ábhar scéil
Is ní hé an t-uachtar a chuir sí an uair sin in mo láthairse ach méadhg
Sé mo thrí thrua naoi n-uaire an fear ar fágadh léi.

A ghrá nó nárbh fhearr duit mé ná an gabha dubh críonn’
A ghrá nó nárbh fhearr duit mé ná buairimh an tsaoil
Chuirfinn síol i do gharraí den phlúr geal mín
Is tú bhreoigh mo chroí le ráithe le an chumha a’ bhaint díom.