Toraigh Álainn – Corn Uí Riada 2016

Amhránaí

Ar cuairt a théimse go Toraigh álainn
Bhéarfaidh mé ruaig ar chnoc ‘s ar ard
Ag tarraingt suas domh faoi bhráid a’Chamais
Beidh aoibhneas croí orm ‘s lúcháir bhreá.
Tiocfaidh liath ‘s leanbh go barr na céibhe ann
Ag fearadh fáilte ‘s ag croitheadh lámh
Ach sa chill faraor tá daoine sínte ann
A d’imigh uainn ‘gus atá faoi fhód.

Siúlfaidh mise gach cosán coise
Gach teach gach bothóg gach garraí ‘s páirc
Ó Mhullach an Chreagáin go bhfeice mé an Inneoir
‘S arís aniar go dtí an Gaineamh Mór.
‘S mé gheobhas aithne arís in athuair
Ar dhúiche uasal mo bhunadh fhéin
A rinne mé thógáil aníos i m’óige
Go modhúil múinte le dáimh is le spéis.

Tá Leac na Leannán ar bharr na mbeann ann
Ag amharc go ceansa ar an Aimhléis Mhór
An Rutan cruinn ‘s a bhéal go binn ann
Ag cur búrthach ‘s scairteach go dtí an Tor Mór
In aice láimhe bhí sean ráth ársa
Ina shuí in airde os cionn Phort a’Dúin
Sé rinne áras do Bhalor ghránna
A loit a lán ann le buile a shúil.

Ag bogadh suas domh go Tóir a’Liadáin
A nochtas romham ann Ard Fholach Bhraoin
‘S tá Paidí Síogaí na rí ar uaisle ann
Is é ag stánadh uaidh ann ar muir ‘s ar tír
Scoilt a Chreathnaigh ‘s Lag na Réithe
Is fás fan chlaí ann tá raithneach mhín
Is an Chailleach Bhéarra is a giallfach géar ann
Ag seilg páistí go mall san oíche.

Nach fada go gcaithfidh mé mo sheal beag gairid
Ar m’Oileán dúchais na long ‘s na seol
Fágaim slán go fóill ag curach ‘s bád ann
Go crua a shaothraigh ar an Aibhléis Mhór
Bheirim mé beannacht do shean ‘s do óg ann
Go meidhreach aerach le damhsa ‘s ceol
Is go dtuga Dia na Glóire spás daofa
Is go mairfidh siad buan ann le deireadh a shaoil.