An Sagairtín

Téamaí

An Sagairtín

Tá an oíche dorcha is tá sí fuar,
Is tá sí ‘goilliúint ar mo chroí go crua;
Ní thiocfad abhaile is ní dhéanfaidh mé cuairt
Nó go bhfeicfidh mé mo stóirín atá ina luí cois cuain.

Nach deas an sagairtín é stór mo chroí,
Tá an pobal beannaí a dtéann sé thríd
Tá séala ó Mhuire air is branda ó Chríost,
Is tá sé i tarraingt ar na coláistí.

Muise éist, a Bhideoigín is ná goil deoir,
Ní dhuit a rugadh mé ná d’aon bhean beo
Ó baistfidh mé do leanbh le cúnamh Dé,
‘S dhá mbeadh breith ar m’aiféal a’m, ba leat mé fhéin.

Tá fear is fiche acu in aon ghang amháin
An fear is deise mo mhíle grá
Tá cúilín catach air is baibín bán
Sé an rós i ngáirdín é nár mb’fhéidir fháil.

Is fuair mé leagan thar bharr an chlaí
Is mar a bhfuil dochar ann nár théigh sé i m’aghaidh
Níor lúb mé an t-aiteann is níor leag mé an féar
Ach ina dhiaidh sin a cuireadh mé ó bhéal go béal.

Is chuaigh mé aréir ag an doras úd thall
‘S ghlaoigh mé i gcogar ar mo mhíle grá,
Séard a dúirt a Mamaí nach raibh sí ann
Mar go raibh sí i dtaisce i gcónra chláir.

Muise éist, a Bhideoigín is ná goil deoir,
Ní dhuit a rugadh mé ná d’aon bhean beo
Ó baistfidh mé do leanbh le cúnamh Dé,
‘S dhá mbeadh breith ar m’aiféal a’m, ba leat mé fhéin.