An tSeanbhean Bhocht – Amhráin is Ansa Liom

Amhránaí

Téamaí

An tSeanbhean Bhocht

Dhéanfaidh mé teach mór do mo sheanbhean bhocht
Dhéanfaidh mé teach mór do mo sheanbhean bhocht
Dhéanfaidh mé teach mór di is ceannóidh mé bó di
Ach b’fhearr liom buachaill óg a deir an tseanbhean bhocht.

Ar chuala sibh nó an bhfaca sibh mo sheanbhean bhocht
Ar chuala sibh nó an bhfaca sibh mo sheanbhean bhocht
Chonaic muid ar a’ mhargadh í is í ag cuntas a cuid airgid
Is buachaill as na Cealla ‘baint dealg as a cois.

Cad é do ghnaíthe ag geabaíneacht a sheanbhean bhocht
Cad é do ghnaíthe ag geabaíneacht a sheanbhean bhocht
Cad é do ghnaíthe ag geabaíneacht is gan fiacail i do chab agat
Ó go dtógfaidh an rí an t-eallach uaim a sheanbhean bhocht.

Is trua gan tú sa mhuileann agam a sheanbhean bhocht
Is trua gan tú sa mhuileann agam a sheanbhean bhocht
Is trua gan tú sa mhuileann agam is do dhroim le sac na mine agam
Nár dheas a toirtín muilleora a dhéanfadh an tseanbhean bhocht.

Is trua gan tú sa bhád agam a sheanbhean bhocht
Is trua gan tú sa bhád agam a sheanbhean bhocht
Is trua gan tú sa bhád agam is do dhá chois in airde agam
Nár dheas na maidí rámha a dhéanfadh an tseanbhean bhocht.

Is trua gan tú sa cheárta agam a sheanbhean bhocht
Is trua gan tú sa cheárta agam a sheanbhean bhocht
Is trua gan tú sa cheárta agam is cruitheacha ar do shál agam
Nár dheas a’ capall rása a dhéanfadh an tseanbhean bhocht.