An Spealadóir – Sean Nós na bhFear 2013

An Spealadóir

Le meán an fhómhair dá chaitheamh dom
Ba mhór é dubhach mo scéal
Go breoite, cráite, atuirseach
Gan sólás insa’ tsaol
Bhí mo pháircín féir gan gearradh uaim
De dheascaibh clann an Bhreacluain
Féar na gcomharsan treascartha
Dá chíoradh le gréin.

Dá bhfaighinnse speal ó Shasana
‘Gus crann ó Locha Léin
Cloch is clár is gaineamh air
Ó dhúiche Uí Néill
Do chuirfinn faobhar ar maidin suas
‘Sheasódh ar feadh na seachtaine
Is íseal deas mar a ghearrfainnse mo pháircín féir.

Ag cuimhneamh dom trí m’aigne
San oíche trím’ néal
Go raibh beirt óga chalma
Do mhaíomh a bhfaobhar
Fé na ndéin do chuireas mo theachtaire
Chun mo pháircín féir a ghearradh dhom
‘S sásta, grámhar, taitneamhach
A thánadar araon.

Dá bhfaighinnse speal ó Shasana
‘Gus crann ó Locha Léin
Cloch is clár is gaineamh air
Ó dhúiche Uí Néill
An faobhar a chuirfinnse ar maidin suas
‘Sheasódh sé ar feadh na seachtaine
Is íseal deas mar a ghearrfainnse mo pháircín féir.

Anois ar shuan is athada
Ó allas bhaint an fhéir
Is arís nuair a ghearr orainn barra don fhéar
Beidh gnó aríst dos na fearaibh seo.
Do fhuaim atá a n-ainnise
Chun féar a chur i bhfearas
Dár mbólach bleachtúil séimh.

Dá bhfaighinnse speal ó Shasana
‘Gus crann ó Locha Léin
Cloch is clár is gaineamh air
Ó dhúiche Uí Néill
An faobhar a chuirfinn ar maidin suas
‘Sheasódh sé ar feadh na seachtaine
Is íseal deas mar a ghearrfainnse mo pháircín féir.

Nuair a gheobham amach ar maidin
Ag sábháilt an fhéir
Beidh píce agus raca againn i láimh gach n-aon
Suatham agus scaipim é agus tógaimid ó thalamh é
Agus beidh ina chocaí ceangailte roimh dul faoi don ghréin.

Dá bhfaighinnse speal ó Shasana
‘Gus crann ó Locha Léin
Cloch is clár is gaineamh air
Ó dhúiche Uí Néill
An faobhar a chuirfinnse ar maidin suas
‘Sheasódh sé ar feadh na seachtaine
Is íseal deas mar a ghearrfainnse mo pháircín féir.