Úna Bhán – Corn Uí Riada 2011

Úna Bhán

‘Gus a Úna Bhán nach gránna an luí sin ort,
I do chónra chaol chláir i measc na dtáinte corp,
Mar a dtaga tú le fóir orm a stáid bhean a bhí riamh gan locht,
Ó ní thiocfaidh mé an turas go brách ach anocht.

Is a Úna Bhán nach rós sa ngairdín thú,
Nach coinnleoir óir ar bhord na banríon thú
Nach ba cláirseachín cheoil ag dul romham sa mbóithrín  thú,
Mo léan dóite is níor pósadh le do ghrá geal thú.

Tá an sneachta seo ar lár is í dearg le fuil,
Ach samhail mo ghrá bán is ní fhaca mé in áit ar bith,
Óra féachaigí a mhná is cé a b‘fhearr é ná an t-ochón sin,
Aon phóigín amháin is í a fháil roimh Áth na Danóige.

‘S dhá mbeadh an píopa fada cailce a’m ‘s tobac a bheith ann,
Nach dtarraingneoinn-se amach é is chaithfinn dhe mo sháith,
Nach n-inseoinnse dhaoibhse, cé gcónaíonn agus a mhaireanns mo ghrá.
I gCill Bhríde i gCill Mhaicín, mo chreach ‘s mo chrá.

Is má scrúdadh thú a Úna Mac Diarmada Óig,
An chéad scoth de na mná buartha agus an Brianach Óg
Do bhéal mar an siúcra, mar an leamhnacht  ‘s mar an fíon ar an mbord
Is do choisín lúfar sí shiúladh go fiar i mbróig.

Is a Úna Bhán nach tú a chuaigh idir mé ‘gus Dia
Óra Úna Bhán nach tú a chuir scaipeadh ar mo chiall
Óra Úna chraobh chumhra is a lúibín casta na gciall
Nár b’fhearr liom gan a bheith ag siúl léi ná thú a fheiceál ariamh.