An Casaideach Bán – Sean Nós na bhFear

An Caisideach Bán

Thug mé an ruaig údaí ó mhullach na Cruaiche
Agus chugat anuas chun an tSléibhe Bháin
Ar thuairisc mo chailín d’fhág m’intinn buartha
‘gus rinne sí gual dubh do mo chroí i mo lár
Is d’at mo ghuaillí go snath mo chluasa
‘gus fuair mé fógra glan géar ón mbás
Is deamhan duine dá gcuala mo scéal an uair sin
Nár dhúirt go mba truaigh bocht an Caisideach Bán.

‘S ar cheann an staighre tá plúr gach maighdean
Is í siúd meidhreóg an bhrollaigh bháin
Sé an truaigh nach liom í gan bó gan puntaí
Ach í a bheith gan chuntas liom ar láimh
Is dhéanfainn teach mór di ar thaobh an bhóthair
Agus chuirfinn cóistí faoina clann
Is a chúilín omra dhá mblíteá bó dhom
In do cheangal Fómhair ní chuirfinn suim.

‘Gus bhí mé i gcoláiste go ham mo bhearrtha
‘gus ins an ardscoil ar feadh chúig mbliain
Nó go bhfuair mé oideachas agus léann ón Eaglais
Ach faraoir chráite gur bhris mé thríd
‘Sé  rí-mhór é m’fhaitíos roimh Rí na nGrásta
Nach bhfuil sé i ndán dhom go dtiocfainn tríd
Mar is mó mo pheaca ná leath Chruach Phádraig
I ngeall ar ghrá a thug mé d’iníon maoir.