Is Fada Liom Uaim Í

Amhránaí

Is Fada Liom Uaim Í

Is fada liom uaim í ar uaigneas gach baile a mbíonn sí

Is le gach ógánach suairc a ghluaisfeadh in aice na dí
Dá dtigfása anuas ar chuairt fá bharra na gcraobh
Is le goirm na gcuach go ngluaisfinn leatsa mar mhnaoi.

A Mhalaidh, a chéadsearc, ná tréig thusa mé go brách
Is go bhfuil mé do dhiaidh gach aon lá fá mhallaigh na n-ard
Is tú cruithneacht ar mhná Éireann, is tú b’áille dar ghlac riamh lámh
Is dar mionna mo bhéil, ní bréag a bhfuil mé is tú a rá.

Cé gur b’fhada liom an oíche aréir, sé mo léan gan anocht a’ tús
Leis an ógánach spéiriúil a bhréagadh mé seal ar a ghlúin
Ba mhilse liom do phóig ná na hullaí dtiocfadh mil orthu is bláth
Is go bhfuil cumha orm i ndhiaidh mo stóirín
Is ní dóigh liom go mbeidh mo chroí slán.

A Mhalaidh a ró-ghrá atá an t-órfholt snoite glan réidh
Com cailce atá ró-dheas a chuirfeadh bród ar fhearaibh an tsaoil
Béilín meala mar na rósaí, súil mhódhmhar ghorm gan chlaoin
Is i gcoille ag buain chnónna, sé mo bhrón gan Malaidh agus mé.