Nuair A Bhí Mise Óg

Amhránaí

Nuair A Bhí Mise Óg

Nuair a bhí mise óg
Ba deas is ba dóighiúil
A’ scafaire stócaigh mé
I súil’ na mban óg
Bhinn á mealladh ‘s á bpógadh
Is shiúlainn a’ ród leo
‘S bhínn carthanach cóir leo
Gan mhairg gan bhrón.

Bhíodh rosca gach bruinnil’
A’ lasadh le loinnir
‘S gach dealramh níos glinne
Le lúcháire romham
Mo ghuthsa gur bhinne leo
‘Chluinstin sa chruinniú.
Ná’n píobaire ‘seinm
Ó mhaidin go neoin.

Och, och, ar a’ lá sin
Murab é bhain a’ bláth domh
‘S d’fhág mé mar ‘tá mé
‘Mo chréatúr gan dóigh
‘S é chloígh mé ‘s é chráigh mé
Gur chaolaigh mo chnámha
‘S d’fhág meath mar ar mo shláinte
Nach leigheastar go deo.

‘S iomaí bean álainn
Ó Chorcaigh go Málainn
A chaith seal ar láimh liom
Mo chreach is mo léan
Mé ‘g imeacht gan ábhar
Arís is á bhfágáil
Go cloíte lag cráite
Faoi leatrom leo fhéin.

Thit mallacht gach duine acu
‘Bhfíor mhullaigh ‘n chinn orm
D’imigh mo bhláth
‘S níor fhan ribe ar mo mhaol
Ach mo sheanbhlagaid feannta
Le síon is le haimsir
‘Mo chréatúr a’ drandán
Fé bhuaireamh a’ tsaoil.

Och, och, ar a’ lá sin
Murab é bhain a’ bláth domh
‘S d’fhág mé mar ‘tá mé
‘Mo chréatúr gan dóigh
‘S é chloígh mé ‘s é chráigh mé
Gur chaolaigh mo chnámha
D’’fhág meath mar ar mo shláinte
Nach leigheastar go deo.

Anois iarraim pardún
Go léir ar na staidmhná
‘Bhí cineálta cairdiúil liom
Lá breá den tsaol
Ach táthar a’ rá liom
Gur damnaithe ‘tá mé
‘S nach dual domh go brách fáil
Go Flaitheas na Naomh.

Ach an n-admhaím ‘Dhia
Go mb’fhearr liom go síoraí
‘Bheith ‘n Ifreann na bPian
I measc cairde mo chléibh
Ná bheith ‘bhFlaithis in airde
I measc túitní cráifeach’
Nach dtuigfeadh a’ cás
A d’fhág mise faoi léan.

‘S och, och, ar a’ lá sin
Murab é bhain a’ bláth domh
‘S é d’fhág mé mar ‘tá mé
‘Mo chréatúr gan dóigh
‘S é chloígh mé ‘s é chráigh mé
Gur chaolaigh mo chnámha
‘S d’fhág meath mar ar mo shláinte
Nach leigheastar go deo.