An Deoraí – Corn Uí Riada 2024

An Deoraí

Mo chrá go n-éagfaidh nach a bhfuil mé in Éirinn ar bhántaí féaracha Oileán na Saoi,
Le blianta fada faoi bhrón gach tréimhse sna Státaí Aontaithe atá mé, mo dhíth,
Gan aoibhneas, sólás ná suamhnais lae ar bith, go síoraí smaoiním ar Inis Fáil,
’S mo chroí dhá réabadh croí lár mo chléibhe faoi dhuifean saolta go síor á chrá.

Tráth ’rabhas i m’óglach go croíúil spóirtiúil sea bhíos faoi shólás i gcríocha Fáil,
Ach tháinig athrú ‘gus mheasas seoladh ar thóir an óir bhuí go Meiriceá,
A Éire gheanúil bhoicht, céad faraor d’fhágas is thugas slán duit ó lár mo chroí,
’S gur buartha cráite a bhí m’athair ’s mo mháthairín ’s na cairde grámhara a bhíodh leo ag caoi.

Ansin sea ghluaiseas gan  croí gan suairceas, a Dhia, níor buartha a bhíos gan fáth,
Bhí an cúpla lúbach faoi bhrón ’s faoi uaigneas ’s a gcroíthe buartha mo dhiaidh go brách,
An mac ba mheasa leo, beith ag dul thar sáile, gach slí agus fáltas dhá ghealladh dó,
Ach é ag fanacht leo i measc a gcairde is gan iad dhá fhágáil go síor gan só.

Anseo go cinnte ‘s mé tá tuirseach baoithe ná ritheann na smaointe ’shiúl oíche agus ló
Go na oileán bheannaithe úd taobh thall den taoille ina rabhas go suaimhneach is go síor faoi bhród,
Na daoine fearúla a bhí cumhachtach bríomhar ’s na cairde dílis a bhíodh liomsa ag spóirt,
Gach cleas is siamsa dá mbíodh sa tír úd, beidh siad i ’mo chuimhne nó go dtéad faoin bhfód.

Anois a chairde ó táim go fannlag ’s nach bhfuil sé i ndán dhom a bheith aríst go deo,
Ar sléibhte arda is i ngleanntáin áille na tírín bhreá úd ina rabhas go hóg,
Comhairle tógaidh anois ón deoraí níl a croí ná sólás anseo le fáil,
Ach doilíos saolta i bhfad ó ghaolta ‘s an croí dhá chiapadh faoi bhrón ’s faoi chrá.

Sí Éire bhreá dheas an tír is áille – ní inti atáimse céad faraor geár
Tá an aimsir chiúin ann, tá an spéir gan smúit ann, tá an Ghaeilge múinte ann is í in airde a réim,
Tá inti cairdeas, dea-cháil is fáilte, ‘s mo croí a bheadh chomh sásta i ríocht na nGael,
Ach táim i ndíbirt ‘s níl ach smaointe anois a guífead choíchin dhuit, a thír na nGael.