Tógfaidh mé mo sheolta – Sean Nós na mBan Faoi 35 2015

Téamaí

Tógfaidh mé mo sheolta

Tógfaidh mé mo sheolta go dobrónach ar maidin,
Ar thuairisc mo mhíle stóirín go deo deo ní chasfad.
Go dtaga bláth buí ar an eorna is go rachaidh an fómhar chun finne
Nach rí dheas an rud í an óige, i ndiaidh mo stóirín atá mise.

‘Mo dhilleachtín cráite a fágadh mé gan athair,
‘S dá mbeadh mo chliú i ndán dhom cé’n chás a’am a bheith folamh,
Cá bhfuil an fear in Éirinn a dhéanfadh éagóir ar mo shamhail,
Nár mo dheacair dhó a leas a dhéanamh ná a ghoil ar aon chor chun na flaithis.

‘Gus thuas i gciumhais an tsléibhe atá an péarla a bhíonns do mo mhealladh,
Sin é buachaillín na gruaige báine a bhfuil fáthadh an gháirí faoina hata,
Gheall sé go bpógfadh sé mo rós-bhéilín meala,
Ach ní léir dhom na cros bhóithrí ag na deora go mo dhalladh.

‘Gus tá fhios ag Dia dílis gur iomaí smaoineamh crua deacrach
A théanns trasna thrí m’intinn is mé mo chodladh ar mo leaba
Ach más tusa fhéin atá i ndán dhom is gan cás a’am a ghoil tharat
Bí romham ag na crosbhóithrí is beidh muid pósta goil abhaile.

Tá féar fada agus fásach i ngleanntáin álainn i bhfad ó bhaile,
Tá úllaí agus airní is iad ag fás i mbarr cranna,
‘Gus nach cuma liom céard a déarfas aon neach, ní hé mo chéadsearc a déarfas tada,
Más sí do mháithrín atá i do dhiaidh orm, fuil a croí amuigh ar leic an teallaigh.