Coinleach Ghlas an Fhómhair – Sean Nós na mBan 2025
Amhránaí
Téamaí
Coinleach Glas an Fhómhair
‘S nach ar choinleach ghlas an Fhómhair, a mhuirnín, sea dhearc mé thú,
Ba deas é do sheasamh i mbróigín is ba ró dheas é do leagan siúl,
Do ghrua ba deirge ná an rósa is bhí do chúilín fite dlúth,
Sé mo léan gan mé is tú pósta ‘s ar bhord loinge is muid a’ dul anonn.
Is a Mháire a dtug mé grá dhuit, ‘sé mo léan géar gan mé ‘gus tú,
Ar oileáinín rúin Phádraig áit nach snámhann an bád ná long,
‘S óra chaithfinnse naoi lá leat, naoi dtráth gan codladh ciúin,
Ar a shúil ‘s go bhfaigh mé sásamh ar a ndearna tú go mhagadh fúm.
Agus cuirimse na bróin ar an óigbhean nár fhan mar a bhí,
‘S nach deas mar a chasfainn ceol dhi chuile Domhnach is mé ag tuar na lín,
A com ba gile is ba míne ná an síoda ‘s ná clúmhach na n-éan,
‘S nach trom an osna a ghnímse nuair a smaoiním ar mo mhuirnín fhéin.
Is cheannaigh mé buidéal réice dhom fhéin agus go mo mhúirnín bán,
Le beannachtaí a chur léithe, craobh aoibhinn na bhfáinní óir,
Ach braon níor bhlais a béal dhe ‘s nár mhéadaigh sin ar m’osna go mór,
Is a ghrianáin ban Éireann, i do dhiaidhse, ní bheidh mé beo.
Is chuir mise litir scríofa ag mo stóirín is casaoid chrua,
‘S nár chuir sí agam aríst í, is bhí mo chroí istigh chomh dubh le gual,
Nuair a léigh mé í go cúramach bhí na deora ag sileadh liom
Ach mí ní beo mé mara bpósfaidh mé ainnir na gcuach.
‘S nach cuma liomsa fhéin céard a bhéas aon fhear á lua ná á rá
Is go dtabharfainnse cuairt is céad ar an taobh sin dhíom ina mbíonn sí ann
Mar sí cuaichín bharr na gcraobh í sí meidhreóigín an bhrollaigh bháin,
Sí rún is searc mo chléibh í, ‘s ní shéanfad í nó go bhfaighidh mé bás.