A Mhamaí nach tú an Cladhaire – Corn Uí Riada 2009

A Mhamaí nach tú an Claidhre

Is a mhamaí nach tú an cladhaire
Nár dh’insigh do mo dheadaí i dtráth
Go rabhsa tuirseach tinn lag
Is mé millte le darta grá.
Go mbím san oíche ag taibhreamh
Gur im’ mhaighdean rófhada tháim,
Is muna bhfaighfear fear gan mhoill dom
Is baolach go raghad am’ bhá.

Ó ‘sa Nóra, bídse foighneach
Mar ní bhfaighidh to aon fhear go fóill.
Tá an cíos ag glaoch gan mhoill orainn
‘S gan puinn againn le cur ‘na chóir.
Tá broid is ceant gach lá orainn
‘S ár ngabháltachas róbheag go deo.
Bíonn t’athair bocht drochshláinteach
‘S an máistir ródhian sa tóir.

Ó a Mhamaí bídse tuisceanach
Do dhuine atá i bpéin mar atáim.
Tá plámás míle duine agat
Ach ní thuigeann tusa trian mo chás.
Dá gcuirfinn mo scéal i dtuiscint duit
Cárb ionadh leat dá dtéinn fé’n bhfód.
Muna bhfaighfear fear sa leaba liom
Bead curtha sara dtiocfaidh an Fómhar.

Nach maith a fuaireabhair fear do Shíle
‘Raibh caoirigh aige ‘gus ba go leor.
Ní bhfaighinn féin an gamhainín buí uaibh
Dá laghad é, fiú luach na mbróg.
Tá mo habit shirt gan ní agam
Le trí mhí, de dheasca soap
‘Mar a mheasaimse ní bhfaigheadsa
Aon fhear na saibhreas go deo.

Fan go bhfaighidh mé gúna nua dhuit
Húda agus parasól
Handkerchief trí-chúinneach
A mbeidh súilíní ann dhen bhfaisean nua,
Cuirfead bodice ar do choimín deas
Agus teannóidh sé do bhréistín cóir
‘S ansan a gheobhaidh tú buachaill ceansa
Gan aon amhras a chailín ó.