An Droighneán Donn – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

An Droighneán Donn

Fuaireas féirín lá aonaigh ó bhuachaill deas
Agus céad póg ina dhiaidh-san ó phlúr na bhfear
Scáile chléibh don té a d’fhéarfadh nach tú mo ghean
A bhuachaill ghlé gheal is breáichte in Éirinn is go n-éalóinn leat.

Síleann cead fear gur leo fhéin mé nuair a ólaim leann;
Ní airím iad nuair a chuimhním ar do chomhrá liom.
Com is míne ná an síoda athá ar Shliabh na mBan bhFionn;
Ach tá mo ghrá-sa mar bhláth na n-airne ar an Draighneán Donn.

Is a Dhé dhil, cad a dhéanfainn dhá n-imeothá uaim?
Cá bhfaighinn eolas chun do thí-se dhá raghainn ar cuairt?
Sneachta séite is é dhá shíorchur agus mise fá ghruaim
Mná na hÉireann ag déanamh géim díom is mo ghrása i bhfad uaim.

Más ag imeacht taoi, beir mo bheannacht leat is go dté tú slán;
Mar is baolach gur shladais an croí as mo lár,
Níl cuite agam a leanfadh tú, níl long agam ná bád
Sin í an fharraige ina tuilltibh eadrainn, is ní heol dom snámh.

Dá mbeadh bád agam is deas mar a shnámhfainn an fharraige anonn
Scríobhfinn chughat líne le barr ar mo pheann
Faraoir géar gan mé agus tú a ghrá gheal mo chléibhe
I ngleanntán sléibhe le héirí gréine is an drúcht ina luí.