An Droighneán Donn – Corn Uí Riada 2010

An Droighneán Donn

Thá cluanaidh de bhuachaill óg deas dom mhealladh gach lá
‘S níl spuaic air  ón tsluasaid air ach a  ghunna ‘na láimh
 Cúilín dubh-ghlas ar mo bhuachaillín  ‘s é fite go barr
‘Nach trua sin mo ghrá ‘a luadh liomsa ‘s ná bhfaighinn-se é a fháilt.
 
Fuaireas féirín lá aonaigh ó bhuachaill deas
Agus céad póg ina dhiaidh sin ó phlúr na bhfear
Scáile chléibh don té a déarfadh nach tú mo ghean
A bhuachaill ghlé gheal is breáichte in Éirinn is go n-éalóinn leat.
 
Síleann cead fear gur leo fhéin mé nuair a ólaim leann;
Ní airím iad nuair a chuimhním ar do chomhrá liom.
Com is míne ná an síoda athá ar Shliabh na mBan bhFionn;
Ach tá mo ghrá-sa mar bhláth na n-airne ar an Draighneán Donn.

Is a Dhé dhil, cad a dhéanfainn dhá n-imeothá uaim?
Cá bhfaighinn eolas chun do thí-se dhá raghainn ar cuairt?
Sneachta séite is é dhá shíorchur agus mise fá ghruaim
Mná na hÉireann ag déanamh géim díom is mo ghrá-sa i bhfad uaim.

Más ag imeacht taoi, beir mo bheannacht leat is go dté tú slán;
Mar is baolach gur shladais an croí as mo lár,
Níl cúite  agam a leanfadh tú, níl long agam ná bád
Sin í an fharraige ina tuilltibh eadrainn, is ní heol dhom snámh.

‘S nach aoibhinn do na heininí a éiríonn go hard
A choibhríonn  is a chónaíonn ar aon chraobh amháin
Ní mar sin dom fhéinig ná dhom chéad mhíle grá
Mar is fada óna chéile a bhíonn ár n-éirí gach lá.

Dá mbeinnse i gcéin uait dhéanfainn an brón seo do chloí
Scríobhfainn chugat líne le barr ar mo phinn
Faraor géar gan mé agus tú a ghrá gheal mo chroí
I ngleanntán sléibhe le héirí gréine is an drúcht ina luí.