Bean a’ Leanna – Sean Nós na bhFear 2013

Téamaí

Bean a’ Leanna

Is éirigh in do shuí a bhean a’ leanna
Is ná fan le do chaipín a ghléas’
Go bhfágtha tú dhom braon uisce beatha
Nó cuid go do chuid leanna fhéin
Ó beimid ag ól go dtí maidin
Seo sláinte na bhfear uilig go léir
Ach nuair a fhágfas an mháistreás an baile
Beidh an cailín is deise agam fhéin.

A Dhia céard a dhéanfas mé amárach
Nuair a fheicfeas mé mo ghrá a’ dul aniar,
Ní fhéadfaidh mé a dhul ina láthair
Leis an méid is bhí eadrainn ariamh,
Nuair a smaoiním ar a súgradh ’s ar a gáirí
Ar inneach a láimhíní a bhí fial,
Ó titim i lionn dubh le dólás
Agus caoine mé mórán ina diaidh.

Agus shiúil mise bogaigh ‘gus sléibhe
Is cnoic a bhí géar as a mbarr
Is a lán bealaí eile nach ndéarfad
Ní raibh únsa ar bith céille i mo cheann.
Ag cuartú mo chailín deas aerach
Nach sínfead mo thaobh léi go brách
Gur chóir dhi codladh taobh thuas díom
Ná a bheith i gCorcaigh dhá uair roimh lá.

Is fada mo chosaí gan bróga,
Ach is fuide mo phócaí gan pingin
Is fada mé ag siúl le mná óga
Ach níor shiúil mise riamh le mo mhian
Is fada mo chónra dhá déanamh
Mo thuamba dhá bhreacadh ag saoir
Mo chróchar dhá thógáil lá an earraigh,
Is na buachaillí óga ag dul faoi.

Bhí mise oíche ‘is mé súgach,
Bhí mé ag triall ar tigh Mhicil sa ngleann
Bhí an stioncán de phíobaire sínte ann
Agus jug fuisce líonta aige ar clár.
Ó thit muid lag marbh síos ann
Ní raibh preab inár gcois ná inár láimh.
Ach seo beannacht shíol Éabha agus Ádhaimh daoibh
Agus íocfaidh mé féin an reicneáil.