Tá na páipéir á saighneáil – Corn Uí Riada 2015

Tá na páipéir á saighneáil

Tá na páipéirí dhá saighneáil is tá na saighdiúir ag goil anonn
Tá an drumadóirí aoibhinn aerach a Clanna Gael ag goil go tír na long
Is dhá mbeadh agam is dhuit a bhéarfainn céad is dhá mhíle bó,
Ar a chuntar mhaith i d’fhéirín liom go Contae Mhaigh Eo.

Ar mo luí dom ar mo leaba sí m’osnaíl a bhíonn trom
Ar m’éirí dhom ar maidin sí mo phaidir mo dheoir.
Tá gruaig mo chinn ag titim is tá sí ag imeacht mar an ceo,
Ach le cumha i do dhiaidh, a stóirín, ní bheidh mé beo mí.

Is nuair a éirím amach go huaigneach ‘s breathnaím uaim ar an gcnoc úd thall
Bheinn ag smaoiniú ar do chúilín dualach ar fhág an arraing goil thrí mo lár.
Tá mo chroí istigh ‘na leaca ‘sna ghual dubh is fear mo thruaigh ach Rí na nGrást,
Is cibé cailín óg a bhéarfas uainn thú go síntear suas í i gcónra chláir.

‘S tá mo stocaí uilig stróicthe is tá mo phócaí gan pingin.
‘S tá mo nuachulaith phósta ar ndóigh gan aon sníomh.
Tá fiacha i dteach an óil orm ach níor ól mé riamh braon,
Sé mo léan géar, a mhíle stóirín, gan mé’s tú óg seal arís.

‘S nach aoibhinn do na héiníní a éiríonn go hard,
A bhíonns ag ceiliúr le na chéile ar aon chraoibhín amháin.
Ní hé sin dhom fhéin ná do mo chéad míle grá,
Ach is fada fánach uaidh chéile a bhíonn ag ár n-éirí gach lá.