An Casaideach Bán – Corn Uí Riada 2014

An Casaideach Bán

Thug mise an ruaig úd thar mhullach na cruacha
‘Gus thart anuas chun an tSléibhe Bán
Cur tuairisc mo chailín a d’fhága m’intinn buartha
‘Gus rinne gual dubh do mo chroí ina lár
Nár at mo ghuaillí go dtí mo chluasa
‘Gus fuair mé fógra glan géar ón mbás
Dheamhan duine dá gcuala mo scéal an uair sin
Nár dhúirt go mba trua an Casaideach Bán.

Is nach ar cheann an staighre tá plúr gach maighdean
Agus seo í péarla an bhrollaigh bháin
Is nach trua nach liom í gan bó ná punt léi
Is í gan cuntair agam ar láimh
Mar dhéanfainn teach mór dhi ar thaobh an bhóthair
‘Gus chuirfinn cóistí óró faoina clann
‘Gus a chailín óg deas dá mblífeá an bhó dhom
Do cheangail Fómhair is ní chuirfinn suim.

‘S nach aisteach an réasún a chuir tú i gcéill dhom,
Nach bhfásann an féar thríd an talamh aníos,
‘S nach dtugann an ghealach óra solas d’Éirinn,
‘S nach lasann an réalt ach i dtús na hoíche,
Níl brí ná spreacadh i dteas na gréine,
Is dhá snámhfadh an t-iasc ar a muir gan braon,
Is dhá n-éireodh na tuilte chomh hard leis na sléibhte
Go deo ní thréigfidh mé stór mo chroí.

‘Gus bhí mé seal beag ag foghlaim Béarla,
Is séard a dúirt an chléir liom go mba mhaith mo chaint,
Agus seal beag eile gan unsa céille,
Ach ar nós an t-éinín ar bharra craobh,
Amuigh san oíche gan foscadh gan dídean,
Is an sneachta dhá shíorchur in íochtar gleann,
‘Gus a chúilín donn deas, ar chaill mé mo stór leat,
Nár fhágha tú na grásta mura n-éalófá liom.

‘Gus bhí mé ag coláiste go dtí am mo bhearrtha
‘Gus bhí mé ag an ardscoil ar feadh chúig mbliain
Nó go bhfuair mé oideachas agus comhairle ón Eaglais
Ach faraor chráite nár bhris mé thríd
Mar ba rí-mhór m’fhaitíos ar Rí na nGrásta
‘Gus gan é i ndán dhom go dtiocfad saor
Mar is mó mo pheacaí ná leath Chruach Phádraig
Mar gheall ar an ngrá a dtug mé do iníon maoir.

Agus siúd í tharam í an eala bhán deas,
Is í chomh gléasta le bean ar bith
Is nach truaigh gur gineadh í faoi broinn a máthair
Mar is le haghaidh mo bhás-sa a ceapadh í.
Níl tomín cíbe ná tulán timpeall
Ins na gleanntáin uaigneach ina mbíonn mo ghrá
Bíonn ceol dhá sheinm ann de ló agus de oíche
Is go bhfóire Críost ar an Casaideach Bán

‘Gus aisling bhréagach gur facthas aréir dhom
Go raibh mé i m’aonar aici i leaba chlúmhach
Nó go dtáinig an spéirbhean ‘gus gur shín sí taobh liom
Is ba dheas a féachaint is a leagan súl
Bhí cúm mín cailce aici mar an choinneal ag léimnigh
Is a folt go féar léi is ag fás go dlúth
Bhí an bráid ba gile aici ná an sneachta ar thaobh cnoic.
Is í a bhásaigh mé is na céadta liom.