An Carabhat – Fir os cionn 35bl 2015

An Carabhat

Is fada atá fuaim ag gluaiseacht eadrainn
Ag tuar chun spairne i gClár Uí Néill
Ó bhailtí na tuaithe go bruach na farraige
Uabhar ‘s eagla ‘gus ár ar Ghaeil
Thá siosma ró-mhór ins an gcuan so in aice linn
An Eaglais buartha ar uair an Aifrinn
Ar sileadh na súl ag tabhairt chomhairle bhur leasa díbh
Táimse im’ chodladh nó is fíor mo scéal.

Is a bhuachaillí gnaoi ná bígí i bhfeirg liom
Is díbhse a spreagadh mo ráite béil.
Tagann osna im’ chroí nuair a chím ná leanann sibh
Dlí na hEaglaise is áille méin.
Ná ag imeacht le baois a déanamh aimhleas bhur n-anama
Mar a bheadh daill gan radharc ar mearthall
Ach geallaimse díbh go bhfuil bhur naimhde ag magadh fúibh
Tháimse im’ chodladh nó is fíor mo scéal.

Sé teagasc na cléire ‘s de réir na hEaglaise
An tslí mheasaimse is fearr chun Dé
‘S ní i dul chun an aonaigh le faobhar go feargach
Go tréan faoi arm chun lámhach na bpiléar.
Nach dearbh an scéal é dá léamh ag na Gallaphoic
Gurb iad Clanna Gael thá ag déanamh an achrainn
Ag feall ar a chéile faoi ghné gach seana-chirt
Bheist agus carabhat bán do thréig.