Cití na gCumann – Corn Uí Riada 2019

Cití na gCumann

‘S do tháiníos ‘dtí’n baile seo aréir, agus do bhí sé agam déanach go leor,
Ar intinn an margadh a dhéanamh, is ná scarfainn léi fhéin go deo.
Níor tháinig a Daidí chun réitigh, cár mhiste dhom é ná dhó
Fágaim slán agus beannacht ag m’ ghaolta is ní chasfaidh mé fhéin go deo.

Níor chuireadh romham coirm ná fáilte ó thánaíos an tsráid seo thíos,
Ón uair gur dh’airigh mo ghrá geal go dtugas mo láimh do mhnaoi.
Is dóigh leo go bhfuilimse pósta ‘gus, dar ndóigh, más dóigh ní fíor –
Dar an leabhar athá thíos in mo phóca is a’ mealladh ban óg a bhím!

Dhéanfainnse cupard ar néatacht ná muileann do ghléasadh ar abhainn,
Bád nó coite dá réir san do bhéarfadh sinn araon anonn.
Scríobhfainn Laidin nó Gaelainn chomh cliste le haon mhac rí,
‘S a Dhia nár dheacair a bheith daor orm, ’s go bpósfainn gan aon rud í.

Mo chumha gan mise ’s mo spéirín na mílte léig ó thuaidh
In oileáinín coille ’nár n-aonar mar a labhrann an t-éan go subhach.
Do phógfainn go milis a béilín, is d’fháiscfinn fém’ thaobh í ón bhfuacht,
Agus scríobhfainn litir go Phoebus chun solas an lae a bhreith uainn.

Ceannóidh mé veist agus bríste a mhairfidh le saol na bhfear
Is ní bhearrfaidh mé an fhéasóg seo choíche go bhfásfaidh sí míle ar fhad,
Scaoilfead ar sileadh liom síos í mar a bheadh olann ar chaora ghlas
Is mar a bhfaighidh mise bean ins an tír seo ó rithfidh mé síos amach.

Tháimse ag imeacht amárach is ní haistear do chách mo shiúl
Níl ór buí agam ar phláta is ar uisce ní shnámhann mo long
Mar is réic bocht a chuireadh chun fáin mé do bhaineadh den cháirt an cúr
Is ina dhiaidh sin cá bhfios ná gurbh fhearr mé ná fear eile a’ spáráilt na bpunt.

Dheara, ’Chití na gcumann ná séan mé, siúl feasta ’gus éalaigh liom
I ngleanntán coille nó sléibhe beam sealad fá ghéag na gcrann.
Do phósfainn i ngan fhios don saol thú, is don sagart dá mb’fhéidir liom,
Is mara bhfaighfear sinn ceangailte in Éirinn, ó racham araon anonn.