Idir Ard Mhór is Eochaill – Sean-Nós na bhFear 2023

Téamaí

Idir Aird Mhór is Eochaill

Idir Aird Mhór is Eochaill sa ród seal do bhíos,
Ar cóngar na taoide is í ag tráchaint,
Is ea do dhearcas an óigbhean go mómharach binn
Is a cuacha léi cíortha go bhásta.
Is cailín ó Eochaill í ’s is eolach dom í,
Tá sí gan pósadh go bpósfadsa í;
Atá coróin geal i’m phóca ’gus olfaimíd í
Agus fágfaimíd siúd mar atá sé.

“Do thugas grá cléibh’ duit a spéirbhean ar dtúis
Nuair a leagas mo shúil ar do bhánchnis,
Is go mb’fhearr liom ná mórchuid den ór atá agat
Go mbeifeá sa chúinne gem’ mháithrín.
Go mbeadh do mhachaí breá bó agat  tráthnóna le crú,
Is do leaba glan cóirithe ’ó ló duit sa rúm,
Chuirfinn búclaí i’d bhróga luach coróineach is púnt
Is a stóirín ná tabharfá do lámh dom?”

“Ní thabharfainn mo lámh duit go brách le haon fhonn
Go gcuirfead scéala ar dtúis chun mo mháithrín,
Mar fuair sí do thuairisc go suarach ar dtúis
Go n-ólfá do chrú sa tigh tábhairne;
Nárbh aon ní leat ól luach choróin ‘s trí punt
Ag caitheamh do stóir ar mhná oga is ar lionn
Is tar éis díol as fear ceoil ní bheadh feoirling i’d phúitse
Is a stróille, cé thabharfadh bean bhreá dhuit?”

“Ná creidse na scéata ‘s na bréaga atá ar siúl,
Ór is annamh mo thuras go dtí an tabhairne.
Tá airgead i’m phóca ’gus mórchuid i’m thrúnc,
Níor ólas riamh punt ar aon láthair.
Beidh a mhalairt de ghnó againn sa bhfómhar atá chughainn,
A’ baint garraithe prátaí is ag cur stácaí ar a mbonn,
Is mo mhachaí bheith lán dhe bha bána ’gus dubha,
Is gan aoinne dá gcrú ach mo mháithrín.”