Lá ‘le Pádraig – Sean Nós na bhFear 2023

Téamaí

Lá ‘le Pádraig

Do bhíos Lá ‘le Pádraig im shuí i dtig tábhairne,
Bhí cuideachta álainn lem thaobh ag ól,
Bhí maighre mhánla na gcuacha bána ann,
A súil mar airne ’s a grua mar rós.
Bhí dís dearthár ann ’na suí os cheann ’cláir ann
’Thug searc ’s grá mór don réalthan óg.
Fear súiste is rámhainne is máistir scoláirí
Do scríobh a lán is do léigh go leor.

Labhair gach n-aon díobh de réir a chéile
Do moladh féin leis an maighdean óg,
Féachaint arbh fhéidir í mhealladh ar aon chor,
Le comhrá béil nó le bualadh bord.
Do labhair an spéirbhean mhodhúil thais maorga,
‘Ní mholfainn féin an té is áille snó,
Nach an té is léire leis mo tíos a dhéanamh,
Nó is é ba mhéin liom a theacht im chóir’.

Is lúfar láidir a threabhfainn bánta duit
Is do gharraí prátaí a bheadh go deas i mo dhiadh,
Chuirfinn díon duit ar chruach nó ar stáca,
Is do chuirfinn go leor duit den síol i gcré,
Bhéarfainn a lán díobh ó chíos is ó cána,
Is déanfainn m’anam ar bhochtaibh Dé,
Is a Dhia na nGrásta, nár mhór go mór mé
Ná máistir scoláirí  is a mhálaí léinn.

Is sinne a mhúineann na sagairt chlúiteach
Is na bráithre múinte’ a théann ’dtí’n bhFrainc,
Lucht dlíthe a múscailt go deimhin i gcúirte
Is gach dochtúir acu a dhéanann leigheas.
Im’ adharc bíonn púdar, im’ bhróig bíonn búcla,
Is deas mo thrús is mo charoline,
Ag síor-ól bhranda sea bím gan amhras
Nuair a bhíonn an bhrúid bhocht so ag romhar go domhain.

‘Gabhaim an céachta ’s treabhaim na maolchnoic
Is beathaím féineach gach ar airíos fós,
Is cuid dem shaothar an chruithneacht chraorach
Is an eorna a dhéanann dúinn braich ’s beoir.
Nuair a théim ar  aonach bíonn feirc im’ bhéabhar
Is a ró-bhreá a thaoscfainnse  puins ar bord,
Nuair a bhíonn an t-éigean seo ag siúl na hÉireann
Is a chleití géanna aige mar phas ina dhóid.